FÍSEÁN: ‘Peadar Ó Conghaile’ le bás a fháil anocht agus Joe Steve Ó Neachtain ag fágáil Ros na Rún

Beidh an sobalbhaile Ros na Rún faoi scamall bróin anocht ag an scéal go bhfuil Peadar Ó Conghaile imithe ar shlí na fírinne

Fágfar slán ar eagrán na hoíche anocht de Ros na Rún le Peadar Ó Conghaile, an carachtar gnaíúil sainiúil lách atá á chur i láthair ag an aisteoir agus scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain le 21 bliain anuas.

Cuirfear clár na hoíche anocht ar fad ar leataobh do scéal Pheadair agus is ag damhsa speisialta in Ionad Pobail Ros na Rún a imeoidh an t-anam as.

I ráiteas a d’eisigh lucht an chláir inniu, dúradh nach ndéanfaí “dearmad go deo” ar na “clocha mílte” atá bainte amach ag Joe Steve Ó Neachtain ar shobaldráma TG4.

“Is aisteoir den scoth é Joe Steve Ó Neachtain a bhí linn ar Ros na Rún ón tús agus chruthaigh sé carachtar iontach ar leith, Peadar Ó Conghaile, fear nach bhféadfá a ligean i ndearmad.

“Duine inspioráideach a bhí ann le hoibriú leis thar na blianta agus theastaigh uainn buíochas ó chroí a ghabháil leis as an méid atá curtha isteach aige i Ros na Rún in imeacht na 20 bliain a bhí sé leis an seó.

“Fear uasal amach is amach is ea Joe Steve, agus aireoidh muid uainn go mór é, ar an scáileán agus inár measc anseo ar sheit Ros na Rún,” a dúirt léiritheoir na sraithe, Deirdre Ní Fhlatharta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Peadar Ó Conghaile’ le bás a fháil anocht agus Joe Steve Ó Neachtain ag fágáil Ros na Rún'