FÍSEÁN: Leagan Gaeilge de Macbeth

Thug Tuairisc.ie sciuird ar an Taibhdhearc le gairid, mar a raibh réamhléiriú de MacBeatha - Macbeth i nGaeilge - ar siúl. Seán Ó Tarpaigh a chuir Gaeilge air; an chéad aistriúchán atá déanta air ó foilsíodh leagan Shéamuis Labhráis Uí Shúilleabháin sa bhliain 1925.