FÍSEÁN: ‘Glaodh an focal ‘n’ ormsa nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois’ – Gaeilgeoirí óga ag labhairt amach faoin gciníochas a fhulaingíonn siad

Bhí cuid de na míreanna Gaeilge is tochtmhaire a craoladh ar TG4 le tamall ar Seacht Lá an seachtaine seo

FÍSEÁN: ‘Glaodh an focal ‘n’ ormsa nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois’ – Gaeilgeoirí óga ag labhairt amach faoin gciníochas a fhulaingíonn siad

“Glaodh an focal ‘n’ ormsa nuair a bhí mé díreach naoi mbliana d’aois agus thuig mé cad a bhí i gceist leis. Tá a fhios ag páistí faoi chiníochas agus tá sé tábhachtach labhairt leo faoi.”

B’in cuid den mhéid a bhí le rá ag an gcraoltóir óg Wuraola Majekodunmi agus í ag caint faoin gciníochas in Éirinn ar an gclár 7Lá Dé Máirt.

Cuireadh George Floyd i gcré na cille níos luaithe an lá céanna, breis is coicís ó maraíodh é go brúidiúil in Minneapolis. Tá cad é agóidí, fothragadh, crá croí agus suaitheadh ar fud an domhain ó shin le Black Lives Matter agus I Can’t Breathe mar shluáin ag lucht agóide.

Is fada ó bhí an oiread sin plé ins an oiread sin tíortha faoi fhadhb an chiníochais.

Ní taise dúinne in Éirinn ná sa Ghaeltacht é.

Ar an gclár An Saol Ó Dheas ar an Luan chuir Helen Ní Shé agallamh ar an bhfear óg Gaeltachta Franz Sauerland faoin gciníochas a d’fhulaing/a fhulaingíonn sé.

 

Is ó Ghána agus an Ghearmáin a thuismitheoirí agus rugadh is tógadh Franz anseo. Foilsíodh scéal faoi ar an suíomh seo, bhí mír faoi Franz ar Nuacht TG4 agus thosaigh na meáin Bhéarla ag díriú ar an scéal fiú. Bhí  ‘Go back to your cotton fields’ i measc na n-achasán ciníoch a caitheadh leis an imreoir caide ó Ard na Caithne i gcaitheamh na mblianta. 

Labhair muintir Uí Fhátharta le hAodhán Ó Maoileoin do mhír ar ghála na seachtaine seo de 7Lá. I ndiaidh na míre, labhair Máirín Ni Ghadhra le hathair na beirte agus agus le Wuraola.

Bhí paistí cainte na bhFáthartach ar chuid de míreanna Gaeilge is tochtmhaire a craoladh ar TG4 le tamall. Ba in 2007 a d’fhág muintir Uí Fhátharta an Bhrasaíl le dul chun cónaithe i gConamara, fód dúchais an athar. 

Labhair an bheirt mhac go macánta, truacánta, pointeáilte faoin gciníochas atá fulaingthe acu go laethúil nach mór ó shin.

Dhein Liam Da Cruz Ó Fátharta cur síos ar ghardaí slándála a bhí de shíor á leanúint i siopaí, daoine ag trasnú an bhóthair len é a sheachaint, Bob Marley a bheith á thabhairt air go drochmheasúil agus maslaí ciníocha á gcaitheamh leis ar pháirc na himeartha.

Ba iad na maslaí ar pháirc na caide a thug ar Vitor Ernesto Cruz Ó Fátharta an spórt a chaitheamh in aer. Dar leis bhí an chumhacht sin aige ar a laghad.

Óna thaithí siúd déanann daoine talamh slán de nach Éireannach é mar nach bhfuil sé geal; é sin ar fad cé go bhfuil níos mó Gaeilge aige ná a bhformhór.

Labhair sé go tomhaiste faoi iompar na nGardaí ina leith agus faoi neamhthuiscint an chine ghil ar an bpribhléid atá acu.

Tá sé deacair a shamhlú cé chomh deacair is atá sé do thuismitheoir éisteacht lena chlann mhac ag trácht ar na heachtraí urchóideacha a bhfuilid gafa tríd.

Labhair athair na beirte, Gearóid, go tuisceanach faoin tábhacht atá le feachtais feasachta agus eolais, go mórmhór ós dream iad na hÉireannaigh nach labhraíonn faoi rudaí go oscailte. Is dual dúinn rudaí a choimeád “faoi bhéal buicéid” nó a chur “i bhfolach ar chúl scéithe”.

Dhein na daoine óga seo a mhalairt agus ba thábhachtach agus ba chróga an bheart é.

Míreanna tráthúla, cumhachtacha, tábhachtacha.

A thuilleadh dá leithéid seo ó 7Lá.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Glaodh an focal ‘n’ ormsa nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois’ – Gaeilgeoirí óga ag labhairt amach faoin gciníochas a fhulaingíonn siad'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Cuireann an scéal san déistean ceart orm, go háirithe faoi na leaids óga leis an ghruaig iontach fada agus blás iontach agus líofacht ár dteanga acu. Níl aon freagra ar dhaoine aineolacha ach ná bí buartha futhu. Casann an roth, ainneoin gur mall é. Ba cheart agus ba chóir fáilte agus cairdeas a chur roimh gach éinne a thagann nó a rugadh sa tír seo – cé acu dath atá ar an gcraiceann acu. Is daoine dár treibh féin iad anois – in ainm Dé – dúisimís – agus ná déan dearmad gurab é Paddy an ‘fear gorm’ i Sasana agus sna Stáit Aontaithe tráth. Dea shampla ó gach duine againn is mó atá de dhíth orainn – tosaigh leat féin!