FÍSEÁN: Dáta foilsithe don bhille teanga tugtha ag an Taoiseach tar éis fanacht seacht mbliana

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil go raibh an bille teanga ‘réidh anois’ agus go bhfoilseofaí é an lá céanna leis an gcruinniú rialtais deireanach roimh shos an tsamhraidh

FÍSEÁN: Dáta foilsithe don bhille teanga tugtha ag an Taoiseach tar éis fanacht seacht mbliana

Breis is seacht mbliana ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, tá dáta foilsithe don reachtaíocht nua tugtha ag an Taoiseach sa Dáil.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an bille teanga “réidh anois” agus go bhfoilseofaí é an lá céanna leis an gcruinniú rialtais deireanach roimh shos an tsamhraidh.

Tá an cruinniú sin beartaithe don Mháirt an 23 Iúil agus sa Ghaeltacht a bheidh sé ar siúl.

Gheall an Taoiseach mí Bealtaine go n-eagrófaí cruinniú Rialtais sa Ghaeltacht agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc don reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil an mhí seo caite go raibh sé i gceist an cruinniú rialtais a reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall an mhí seo.

Agus ceist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly sa Dáil inné air á freagairt aige, dheimhnigh an Taoiseach go bhfoilseofaí an bille an lá céanna leis an gcruinniú deireanach rialtais.

 

“Tá an Bille réidh anois. Beidh cruinniú deireanach an Rialtais ann i gcúpla seachtain. Beidh plean againn an Bille a fhoilsiú ag an bpointe seo,” arsa an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar mí na Bealtaine go raibh “náire” air nach bhfuil an reachtaíocht foilsithe fós. Dúirt sé gurb amhlaidh go méadaíonn ar an náire a bhíonn air seachtain i ndiaidh seachtaine de réir mar a chuirtear ceisteanna sa Dáil faoin mbille.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasaithe eile in 2014, ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Tá an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Dáta foilsithe don bhille teanga tugtha ag an Taoiseach tar éis fanacht seacht mbliana'

  • Des O Murchu

    Deire an treimhse oibre ag ealu amach an doras cul go deire Dheire Fomhair! Nul points ,!

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Deir sé go raibh náire air, bhuel is maith an rud é go bhfuil sé ag foghlaim focail nua ó na ceanneagraíochtaí teanga chuile lá!

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.”

    YES PLEASE mar a deirtear i Sasain.