Cruinniú Rialtais á bheartú do Ghaeltacht Dhún na nGall

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar maidin go bhfuil an reachtaíocht teanga ‘lag’ mar atá agus nach bhfuil ‘dóthain measa’ ag comhlachtaí stáit ar an teanga ná ar a ndualgais ina leith

Cruinniú Rialtais á bheartú do Ghaeltacht Dhún na nGall

Tá sé i gceist cruinniú rialtais a reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall an mhí seo chugainn.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an méid sin le fios sa Dáil ar maidin.

Gheall an Taoiseach Leo Varadkar ag deireadh na míosa seo caite go n-eagrófaí cruinniú Rialtais “as seo go ceann dhá mhí” sa Ghaeltacht agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc don reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Dúirt Kyne ar maidin gur dócha gur i nGaeltacht Dhún na nGall mí Iúil a bheidh an cruinniú sin agus thug sé le fios arís go bhfoilseofaí an reachtaíocht teanga nua roimh dheireadh an tseisiúin Dála seo.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil go bhfuil an tAcht Teanga “lag” mar atá agus dúirt sé nach bhfuil “dóthain measa” ag comhlachtaí stáit ar an teanga ná ar a ndualgais ina leith.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar an mhí seo caite go raibh “náire” air nach bhfuil an reachtaíocht foilsithe fós. Dúirt sé gurb amhlaidh go méadaíonn ar an náire a bhíonn air seachtain i ndiaidh seachtaine de réir mar a chuirtear ceisteanna sa Dáil faoin mbille.

Bhí ceisteanna á bhfreagairt sa Dáil arís inniu ag Seán Kyne faoin moill leis an reachtaíocht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur thuig sé go raibh “chuile dhuine ag iarraidh go mbeadh an bille seo foilsithe chomh luath agus is féidir” agus go raibh an obair dhréachtaithe “ag dul ar aghaidh” i gcónaí idir oifigigh a Roinne agus Oifig an Ard-Aighne. Bhí cruinniú aréir féin ag feidhmeannaigh shinsearacha ó Roinn na Gaeltachta le feidhmeannaigh ó Oifig an Ard-Aighne, a dúirt sé.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil Dara Calleary brú ar maidin ar an aire stáit faoi cheist an Bhille.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh “tromaíocht á déanamh ar an nGaeilge ag an státchóras” agus gur chóir maoiniú a choinneáil siar ó chomhlachtaí stáit a dteipeann orthu a ndualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. 

D’iarr Dara Calleary ar an aire stáit go mbeadh cruinniú aige le hurlabhraithe an fhreasúra faoi ábhar an bhille nua sula bhfoilseofaí é ionas nach mbeadh aon ní ann a bheadh ina údar “iontais” ag aon duine agus ionas go bhféadfaí tús a chur láithreach leis an díospóireacht faoin dréachtreachtaíocht.

Dúirt Seán Kyne go gcinnteodh an reachtaíocht nua go mbeadh “ról níos lárnaí ag an nGaeilge i ngnó an stáit”, go mbeadh an teanga “níos feiceálaí” agus go mbeadh seirbhísí i nGaeilge “ar fáil níos leithne”.

D’aontaigh sé leis an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go mbíonn neamhaird á déanamh ag comhlachtaí ar an reachtaíocht.

“Sin ceann de na fadhbanna. Sin an fáth go aontaím le chuile dhuine go bhfuil an Acht atá againn faoi láthair sórt lag ó thaobh na ndualgas agus nach bhfuil dóthain measa ag comhlachtaí ar an teanga. Caithfimid níos mó a dhéanamh,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Fág freagra ar 'Cruinniú Rialtais á bheartú do Ghaeltacht Dhún na nGall'

  • Béarla Teanga an Stáit

    Is FFFG an rialtas buan! Tá Seacht mbliana caite ag FFFG ag útamáil go siniciúil leis an Acht Teanga.
    Is beag dul chun chinn a bheidh ann go dtí go dtógann Gaeilgeoirí raic le FFFG agus go troideann siad go crua chun brú do chur ar FFFG eirí as an cur i gcéill. Faraor tá na heagraíochtaí Gaeilge (seachas Misneach agus Teacht Aniar) ag braith ar deontais agus ní uathu sin a thiocfaidh an brú a theastaíonn.