FÍSEÁN: ‘Náire’ ar an Taoiseach faoin moill ar bhille teanga agus sprioc leagtha síos aige

Gheall an Taoiseach ag an gcruinniú go n-eagrófaí cruinniú Rialtais ‘as seo go ceann dhá mhí’ sa Ghaeltacht agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc do reachtaíocht teanga nua

FÍSEÁN: ‘Náire’ ar an Taoiseach faoin moill ar bhille teanga agus sprioc leagtha síos aige

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné go bhfuil “náire” air nár foilsíodh go fóill an Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ag labhairt dó i dTithe an Oireachtais inné, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh “náire” air nach bhfuil an reachtaíocht foilsithe fós. Dúirt sé gurb amhlaidh go méadaíonn ar an náire a bhíonn air seachtain i ndiaidh seachtaine de réir mar a chuirtear ceisteanna sa Dáil faoin mbille.

Gheall an Taoiseach ag an gcruinniú den Ghasra Oibre de Chathaoirligh Coistí go n-eagrófaí cruinniú Rialtais “as seo go ceann dhá mhí” sa Ghaeltacht agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc don reachtaíocht.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly nach raibh sé “sásúil beag ná mór” agus nach bhféadfaí “glacadh leis” nach raibh a fhios ag an Taoiseach cathain a d’fhoilseofaí an Bille. Dúirt sí go raibh sé “iontach” go raibh sé i gceist ag an Taoiseach go mbeadh cruinniú rialtais sa Ghaeltacht ach gurb é a theastaigh ná cearta teanga “bunúsacha”.

Labhair an Taoiseach chomh maith faoi chás na n-oileán agus d’aontaigh sé gur chóir go mbeadh polasaí amháin do na hoileáin seachas “blúirí beaga” de pholasaí “anseo agus ansiúd”.

Maidir lena rún a bheith líofa sa Ghaeilge, dúirt an Taoiseach go raibh “dul chun cinn á dhéanamh go mall” aige.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasaithe eile in 2014, ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Tá an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Náire’ ar an Taoiseach faoin moill ar bhille teanga agus sprioc leagtha síos aige'