FÍSEÁN: Cúpla focal Gaeilge ó Peter Robinson ag a chruinniú deiridh den Aireacht Thuaidh Theas

Bhain Leas-Chéad Aire Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness, gáire as an slua ag cruinniú deiridh Peter Robinson ar an Aireacht Thuaidh Theas nuair a dúirt sé gur ag dul i bhfeabhas a bhí scileanna teanga Robinson

Bhí an frása sin i measc na bhfocal deiridh a dúirt an Chéad-Aire Peter Robinson (DUP) agus é ag caint den uair dheiridh ag cruinniú de chuid na hAireachta Thuaidh Theas Dé hAoine seo caite.

Agus é ag tabhairt ómóis don méid a bhí déanta ag Robinson ó ceapadh ar an Aireacht Thuaidh Theas sa bhliain 1999 é, dúirt Martin McGuinness (SF), an Leas-Chéad Aire:

“Of all the ministers appointed in December 1999 we’re the last two remaining and very shortly I’ll be the last. So my day too will come at some stage.”

Lean McGuinness air ag caint ar feadh cúpla soicind sula ndúirt Robinson go tobann, “That’s ‘tiocfaidh ár lá, isn’t it?’

“I’m delighted to see that your Irish is improving,” a d’fhreagair McGuinness agus an slua ag déanamh gáire mór.