FÍSEÁN: Cumann Sacair Gaeltachta ag bailiú airgid chun tuilsoilse a cheannach

Tá físeán dátheangach á scaipeadh ag Bearna-Na Forbacha Aontaithe agus iad ag iarraidh ar chomhlachtaí cláir fógraíochta a cheannach ar pháirc an chumainn

FÍSEÁN: Cumann Sacair Gaeltachta ag bailiú airgid chun tuilsoilse a cheannach

Tá físeán dátheangach nua curtha amach ag cumann sacair Gaeltachta agus feachtas bailithe airgid tosaithe acu.

Tá físeán Bearna-Na Forbacha Aontaithe, cumann sacair i nGaeltacht Chonamara i gcontae na Gaillimhe, á scaipeadh go tréan ar líne ó seoladh le déanaí é.

Tá an cumann ag iarraidh airgead a bhailiú chun tuilsoilse a cheannach don pháirc astroturf nua a bhíonn in úsáid acu sna Forbacha.

Sa bhfíseán feictear baill óga an chumainn ag traenáil faoi cheannsoilse carranna agus is iad na himreoirí óga céanna a dhéanann guthú, i mBéarla agus i nGaeilge, ar an bhfíseán.

Tá an cumann anois ag iarraidh ar chomhlachtaí mórchláir fógraíochta a chrochfar timpeall na páirce a cheannach.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cumann Sacair Gaeltachta ag bailiú airgid chun tuilsoilse a cheannach'