FÍSEÁN: Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh i mórfheachtas fógraíochta do Chorn an Domhain

An comhlacht Landrover a rinne an físeán nua ina bhfuil radarcanna áille de Chorca Dhuibhne agus blaiseadh breá ar sprid an chumainn Gaeltachta

Tá físeán faoi Chumann Rugbaí Chorca Dhuibhne eisithe ag Landrover mar chuid de mhórfheactas fógraíochta an chomhlachta do

Chorn Domhanda an rugbaí, a bhfuil tús á chur inniu leis.

Sa bhfíseán, atá díreach foilsithe ar Youtube, tá foireann sinsear Chorca Dhuibhne le feiscint i mbun traenála ar ché Dhún Chaoin, ag imirt cluiche, agus ag ceiliúradh a mbua. Cloistear an fhoireann chomh maith i mbun leagan spleodrach den amhrán ‘An Poc ar Buille’  agus tá port breá ó Chonchubhair ó Beaglaoich ann!

Beidh an físéan á chraoladh mar chuid d’fheachtas Landrover a bheidh á chraoladh as seo go deireadh Chorn an Domhain.

Beidh an físéan á chraoladh mar chuid d’fheachtas Landrover a bheidh á chraoladh as seo go deireadh Chorn an Domhain.

Is iad na himreoirí atá ag caint ag tús an fhíseáin ná Conall Ó Cíobháin agua Adam Daly, captaen na foirne.

Tá Cumann Rugbaí Chorca Dhuibne ar ais i mbun traenála faoi láthair agus fáilte acu roimh bhaill nua.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh i mórfheachtas fógraíochta do Chorn an Domhain'