FÍSEÁN: A début déanta ar na meáin Ghaeilge ag Aire an Araile Catherine Martin

Ar an ngála deireanach de 7Lá go dtí an fómhar bhí a céad gheábh ag an Aire Catherine Martin ar na meáin Ghaeilge agus ní mór an brú a cuireadh uirthi

FÍSEÁN: A début déanta ar na meáin Ghaeilge ag Aire an Araile Catherine Martin

Rinne an an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, a début ar na meáin Ghaeilge Dé Máirt mar a dhein sí agallamh le hAodhán Ó Maoileoin don chlár 7Lá.

Faoi mar a dúirt an láithreoir Máirín Ní Ghadhra agus í ag ceistiú Aenguis Uí Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, tar éis an agallaimh, is léir go bhfuil “a croí san áit cheart”.

An leor sin áfach leis na dúshláin roimh an nGaeilge agus roimh an nGaeltacht a shárú?

Taibhsíodh dom go raibh an tAire saghas neirbhíseach agus stadach in áiteanna agus thuigfeá di.

Dheineas amach go raibh sí ag brath ar nótaí chomh maith. Ní haon pheaca an t-ullmhúchán ach beidh lucht na soiniciúlachta in amhras go raibh tuairim mhaith aici faoi na ceisteanna a chuirfí roimh ré nó go raibh roinnt frásaí agus nathanna cainte breactha aici a bhí le caitheamh chugainn beag beann ar na ceisteanna. 

Is dóigh liom féin go bhfuil croí Aire an Araile san áit cheart agus go bhfuil bá aici leis an nGaeilge.

Ba i nGaeilge a labhair Martin ina céad óráid sa Dáil agus iarracht á déanamh aici, dar léi, aird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta.

Labhair sí le cion faoin staidéar a dhein sí ar an nGaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus na tréimhsí a chaith sí i nGaeltacht na Rinne agus Ros Muc. Mhaígh sí go bhfuil sí le turas a thabhairt ar an nGaeltacht go luath in éineacht leis an Aire Stáit Dara Calleary.

Ba mhór idir an chaint seo agus cur chuige na n-airí sinsearacha Gaeltachta a tháinig roimpi – Josepha Madigan agus Heather Humphreys.

Ina dhiaidh sin féin bhí an comhrá tanaí go maith ó thaobh sonraí agus beartais choincréiteacha. Ní haon ábhar iontais sin, is dócha. Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla dúirt sí go mbeifí “ag breathnú ar an bhféidearthacht” an bille a láidriú.

Cén tslí agus cén uair? Ní fios.

Dúirt sí nach féidir a shéanadh go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht, ach bhí aguisín curtha leis an ráiteas sin, áfach agus í ag maíomh gur ceantair “áirithe” agus “laga” atá i ngalar na gcás.

Aidhm amháin atá aici ná “spotsolas” a chur ar an nGaeltacht, cé nár tugadh le fios dúinn céard go díreach atá i gceist leis sin.

I ndiaidh an agallaimh, dhein Máirín Ní Ghadhra paiste cainte le hAengus Ó Snodaigh agus chaith sé siúd cúpla slais á rá nach bhfuil ag éirí le polasaithe an stáit maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Ina dhiaidh sin arís cuireadh caint ar an Dr Brian Ó Curnáin faoin ngéarchéim teanga in Albain. Nuair a fiafraíodh de an raibh aon údar dóchais sa mhéid a bhí le rá ag Catherine Martin, dúirt sé go gcaithfí a bheith “dóchasach” i gcónaí. Ba thrua leis nár luaigh an tAire óige ná teaghlaigh na Gaeltachta, an dream a mbeidh todhchaí na teanga ag brath orthu.

Dar leis an Dr Ó Curnáin go mbeadh an Ghaeilge sa bhád céanna le Gàidhlig na nAlban murach na hiarrachtaí ar fad atá déanta leis ‘na glúinte’ an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach mura ndéanfar beart arís anois beidh cás Gàidhlig na nAlban ag baile againn.

Ba é seo an gála deireanach de 7Lá go dtí an fómhar agus beidh na Gaeil ar an trá fholamh ó thaobh cúrsaí reatha go dtí sin. Cuireadh clabhsúr ar an gclár le dán breá nuachumtha ó Mhairéad Uí Dhomhnaill a thráchtann ar iarrachtaí na pleanála teanga an Ghaeilge a chaomhnú. Mar seo a chríochnaigh an dán:

Labhródh muid an Ghaeilge
mar a déanadh leis an tsíoraíocht.
Ná bíodh sé le rá
gurb í an ghlúin seo a chlis uirthi.
Fágadh muid mar fuair muid í
ó tá an síol arís curtha.

Tá súil agam go raibh an tAire ag féachaint ar an mír sin agus go gcabhróidh sí go háirithe le lucht curtha an tsíl.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: A début déanta ar na meáin Ghaeilge ag Aire an Araile Catherine Martin'