Fiosrúchán ar bun ag UEFA faoi cheiliúradh conspóideach fhoireann na hÉireann

Scaipeadh físeán d’imreoirí fhoireann na hÉireann ag canadh amhráin a léiríonn tacaíocht don IRA

Fiosrúchán ar bun ag UEFA faoi cheiliúradh conspóideach fhoireann na hÉireann

Tá an eachtra ina raibh imreoirí ó fhoireann sacair ban na hÉireann le cloisteáil ag canadh amhrán a léiríonn tacaíocht don IRA á fiosrú ag UEFA.

Thug na póilíní in Albain le fios roimhe seo go raibh siadsan i mbun an scéal a fhiosrú chomh maith.

Bhain foireann na hÉireann áit amach ag Corn an Domhain den chéad uair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Albain i nGlaschú Dé Máirt.

Agus na himreoirí ag ceiliúradh sa seomra feistis i ndiaidh an chluiche i Hampden Park, scaipeadh físeán d’imreoirí ag canadh an amhráin ‘Celtic Symphony’ de chuid na Wolfe Tones. Bhí roinnt imreoirí le feiceáil ag canadh na liricí ‘Ooh, ah, up the Ra’ atá mar chuid den amhrán.

Ghabh an FAI, bainisteoir na foirne Vera Pauw agus roinnt imreoirí leithscéal as an eachtra inné ach d’fhógair UEFA, foras rialaithe an tsacair san Eoraip, inniu go bhfuiltear chun an scéal a fhiosrú a thuilleadh.

I ráiteas ó UEFA, dúradh go bhfiosródh cigire eitice agus smachta ar ghlac imreoirí páirt in aon “iompar míchuí”. Dúradh go gcuirfí tuilleadh eolais ar fáil faoin bhfiosrúchán “in am trátha”.

D’eisigh an FAI ráiteas eile tráthnóna inar luadh go raibh fiosrúchán curtha ar bun ag UEFA agus inar gabhadh leithscéal arís le haon duine a bhí gortaithe ag an eachtra. Dúradh go raibh an FAI i mbun athbhreithnithe lena chinntiú go raibh tuiscint ag na daoine uile a bhíonn ag imirt agus ag plé le foirne na hÉireann ar “na freagrachtaí” atá orthu.

Dúirt Vera Pauw inné go raibh brón “ó chroí” uirthi agus ar na himreoirí. Dúirt Pauw nach bhféadfaí aon leithscéal a dhéanamh faoin eachtra agus fiú mura mbeadh an físeán tagtha amach go poiblí, nár cheart go ndéanfaí a leithéid.

Bhain cúl Amber Barrett áit amach d’fhoireann na hÉireann ag Corn an Domhain 2023 tar éis d’Éirinn an ceann is fearr a fháil ar Albain, 0-1, i gcluiche cáilithe stairiúil. Reáchtálfar an comórtas san Astráil agus sa Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun ag UEFA faoi cheiliúradh conspóideach fhoireann na hÉireann'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Go bhfóire dia orainn! Chuaigh cuid de banpeileadóirí na hÉireann thar fóir leis an gceiliúradh t’réis bua iontach agus stairiúil a fháil a chuireann Éire i gCorn Domhanda na mBan den chead uair riamh. Nach raibh an nós céanna ag Jack Charlton agus foireann na hÉireann siar chomh fada leis na 1980daí? An é go raibh ceamara nó gléas éigin i bhfolach sa seomra gleasta chun cúl-fheiscint agus cúl-éisteacht a fháil ar beartaíochta Vera Pauw agus a foireann roimhré agus ag leath-ama?
    Agus, dála an scéil, cad mar gheall ar na h-amhráin a mbíonn á gcanadh ag lucht tacaíochta Rangers agus Celtic, cad a bhí le rá ag UEFA nó FIFA ina dtaobh san? An raibh daoine sa Hampden Park ag tabhairt masla cainte agus íde béil do mná na hÉireann?