Fiontraithe óga Gaeltachta le dul san iomaíocht le foirne ó 40 tír eile i gCraobh na hEorpa

Beidh Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa

Fiontraithe óga Gaeltachta le dul san iomaíocht le foirne ó 40 tír eile i gCraobh na hEorpa

Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich.Pictiúr: Valerie O'Sullivan

Tabharfaidh triúr daltaí Gaeltachta aghaidh ar dhaoine óga as 40 tír eile nuair a ghlacfaidh siad páirt i gcomórtas fiontraíochta atá á reáchtáil an mhí seo.

Beidh Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa.

Bhuaigh an triúr Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta mí Aibreáin agus an fiontar ‘Cártaí Feasa’ bunaithe acu.

Is mionchomhlacht atá i gCártaí Feasa a dhéanann cártaí imeartha a insíonn scéalta bhéaloideas na hÉireann. Tá cód QR ar chúl an chárta a thugann an duine chuig láithreán gréasáin, áit a bhfuil na scéalta béaloidis iomlána le fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Fuair Sibéal, Aoife agus Caoimhe an ceann is fearr ar 600 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus An Mhí nuair a thugadar leo craobh na hÉireann níos túisce i mbliana.

Is ar líne a tionóladh an chraobh náisiúnta de bharr srianta COVID-19 agus is ar líne freisin a reáchtálfar Craobh na hEorpa a bheidh ar siúl go dtí an 15 Iúil.

Le linn chomórtas na hEorpa, cuirfidh Sibéal, Aoife agus Caoimhe a dtáirge, an comhlacht, a ndul chun cinn agus a gcuid pleananna os comhair na moltóirí agus fiontraithe óga ó bhallstáit eile an AE atá san iomaíocht sa gcomórtas.

Tá Cártaí Feasa san iomaíocht freisin do Ghradam Rogha an Phobail a chinnfear trí vóta poiblí ar líne. Beidh an deis vótála oscailte go dtí an 13ú Iúil ag 6pm.

Ghuigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh gach rath ar an triúr agus iad ag glacadh páirt sa chomórtas.

“Tá Údarás na Gaeltacht an-bhródúil go bhfuil foireann ar nós Cártaí Feasa ag dul chun na hEorpa ní hamháin ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag cur scéalta Bhéaloideas na hÉireann os a gcomhair ach iad ag déanamh ionadaíochta ar son na gceantar Gaeltachta chomh maith.

“Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag glacadh páirte i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2021.  Léiríonn eolas agus díograis na ndaltaí seo go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Go n-éirí an t-ádh le Sibéal, Aoife agus Caoimhe agus chuile dhuine i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery: “Cé go raibh go leor dúshlán ag baint leis an 18 mí seo thug an tréimhse seo deis do na daltaí dara leibhéal díograis agus nuálaíocht a léiriú.  Ba iad Cártaí Feasa as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí a bhuaigh an Chraobh Náisiúnta i mbliana agus guíonn muid chuile rath ar Aoife, Caoimhe agus Sibéal agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar fhiontraithe óga eile ó 40 tír eile ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2021.”

Fág freagra ar 'Fiontraithe óga Gaeltachta le dul san iomaíocht le foirne ó 40 tír eile i gCraobh na hEorpa'