Fiontraí Gaeltachta ceaptha ina chathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha Aerfort na Sionainne

D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan inniu gurb é Pádraig Ó Céidigh atá le ceapadh ina chathaoirleach ar bhord na heagraíochta ar feadh trí bliana

Fiontraí Gaeltachta ceaptha ina chathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha Aerfort na Sionainne

Tá fiontraí aitheanta Gaeltachta ceaptha ina chathaoirleach ar Shannon Group, an grúpa a dhéanann Aerfort na Sionainne a stiúradh.

D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan inniu gurb é Pádraig Ó Céidigh atá le ceapadh ina chathaoirleach ar bhord na heagraíochta ar feadh trí bliana.

Tá seantaithí ar thionscal na heitlíochta ag Ó Céidigh, arb as An Spidéal i gConamara ó dhúchas dó. Ba é a bhí i gceannas ar Aer Árann ar feadh 26 bliain go dtí gur dhíol sé an comhlacht anuraidh.

Iarsheanadóir is ea an Céideach a chaith ceithre bliana sa Seanad idir 2016 agus 2020.

Chuir an tAire Ryan fáilte roimh cheapachán Uí Chéidigh ar Shannon Group agus dúirt go raibh neart taithí aige ar an earnáil.

“Guím gach rath air agus é ag tabhairt faoin dúshlán an comhlacht a threorú amach as an bpaindéim agus i dtreo thodhchaí níos fearr,” a dúirt an tAire Iompair.

Dúirt an Teachta Dála Joe Carey ó chontae an Chláir go raibh Ó Céidigh ag teacht i gceannas ar chúrsaí in “uair na cinniúna” d’Aerfort na Sionainne.

Tháinig titim ollmhór ar líon na ndaoine a bhí ag baint úsáid as an aerfort le linn na paindéime ach thosaigh eitiltí de chuid Ryanair agus Aer Lingus ag eitilt isteach agus amach ansin arís le roinnt seachtainí. Fógraíodh go gcuirfear tús arís le heitiltí trasatlantacha an t-earrach seo chugainn.

Déanann Shannon Group bainistíocht ar ionaid turasóireachta agus oidhreachta i gceantar an mheáiniarthair chomh maith.

Fág freagra ar 'Fiontraí Gaeltachta ceaptha ina chathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha Aerfort na Sionainne'