Fine-Gaelú déanta ar Fhianna Fáil agus droim láimhe á tabhairt ag an stát do léitheoirí na Gaeilge

Fad is a bhaineann le foilsitheoireacht na Gaeilge, an féidir linn a bheith ag súil le beart ar fónamh ón rialtas?

Fine-Gaelú déanta ar Fhianna Fáil agus droim láimhe á tabhairt ag an stát do léitheoirí na Gaeilge

Ina alt an tseachtain seo caite ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge, luaigh Maitiú Ó Coimín an titim ó €1,800,000 (2008) go dtí buiséad an lae inniu, €1,400,000 — is é sin an maoiniú bliantúil €1,100,000 móide an €300,000 “aon-uaire” atá á fháil ag an gClár gach bliain le ceithre bliana anuas.

Baineann an scéal le cuairt a thug an tAire Stáit Thomas Byrne ar stóras an dáileora leabhar Gaeilge Áis i nDún Seachlainn, ina dháilcheantar féin, an tseachtain seo caite, lena fhógairt go bhfuil maoiniú €300,000 á thabhairt d’Áis aige — go deimhin, is dúbailt ar mhaoiniú Áis a bhí molta i dtuarascáil an chomhchoiste Oireachtais i leith scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge.

Sa ráiteas a d’eisigh an tAire Stáit ag an ócáid sin, d’fhógair sé freisin go bhfuil maoiniú breise á thabhairt aige do Chlár na Leabhar Gaeilge le roinnt ar na foilsitheoirí. Ach de réir na bhfigiúirí a foilsíodh ar Tuairisc, níl sa méid “breise” a d’fhógair an tAire Stáit ach an méid ceannann céanna is a fuair na foilsitheoirí gach uile bhliain le ceithre bliana anuas — gan oiread is pingin bhreise ann dóibh.

Tá foilsitheoirí na Gaeilge ar an ngannchuid ó 2008, tráth ar baineadh leath dá bhuiséad de Chlár na Leabhar Gaeilge. Ó shin, tá costas páipéir agus clódóireachta méadaithe as cuimse. I dtuairisc an Chomhchoiste Oireachtais, moltar go dtabharfar maoiniú “Chlár na Leabhar Gaeilge ar ais go leibhéal maoinithe 2008, go gcuirfear an ráta boilscithe san áireamh mar thosaíocht, agus go méadófar an maoiniú́ bliain i ndiaidh bliana”.

Ní miste a lua freisin gur beag dream faoi chúram na roinne nach bhfuair ardú ina mbuiséad sa tréimhse sin. Go deimhin, dágcaithfí le Clár na Leabhar Gaeilge mar a chaitear leis an gComhairle Ealaíon, cuirim i gcás, is os cionn €3,000,000 a bheadh ar fáil pro rata do léitheoirí na Gaeilge inniu (€140,000,000 atá i mbuiséad na Comhairle Ealaíon do 2025).

Ina áit sin, agus in ainneoin a bhfuil de gheallúintí is de leidí tugtha ag an rialtas d’fhoilsitheoirí na Gaeilge le 16 bliana anuas, tráth a bhfuil sé á mhaíomh ag an rialtas go bhfuil níos mó airgead i gcistí an stáit ná riamh, níl oiread is pingin bhreise á tabhairt acu d’fhoilsitheoirí na Gaeilge sa gcáinaisnéis ar a bhaist siad féin an ‘Giveaway Budget’ uirthi.

Chomh maith leis an mbeag is fiú atá á dhéanamh d’obair na bhfoilsitheoirí agus de riachtanas na léitheoirí, léiríonn an cur i gcéill i ráiteas an Aire Stáit soiniciúlacht i leith na ndaoine ina pháirtí féin ar mian leo go dtacódh an rialtas leis an nGaeilge.

Ní hionann is mór-eagraíochtaí Gaelacha — Cumann Lúthchleas Gael, na coláistí samhraidh, nó Comhaltas Ceoltóirí Éireann — is léir nach meánn foilsitheoirí na Gaeilge brobh, agus gur furasta don rialtas seo neamhaird a thabhairt orthu agus na pingineacha breise, atá á gceilt ar léitheoirí acu, a chaitheamh san áit a bhfuil vótaí i mbaol.

Is é an Cadhanach a dúirt gurb é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael gur féidir Fianna Fáil a náiriú faoin nGaeilge. Ní léir go bhfuil sé sin fíor níos mó. Ach a mhalairt, tá an chuma ar an scéal go bhfuil fine-Gaelú déanta ar an bpáirtí, go bhfuil droim láimhe tugtha acu leis an bhfís náisiúnta (nó le haon chuid di nach bhfuil vótaí ann dóibh), agus dá réir sin nach bhfuil sé i gceist acu aon phingin a chaitheamh ar fhoilsitheoirí na Gaeilge mura gcaithfidh siad.

Fearacht foilsitheoirí eile, is fada mé ag iarraidh guaim a choinneáil orm féin, bliain i ndiaidh bliana, nuair a d’fhágtaí as an roinnt muid — le súil go ndéanfadh ár gcairde i bhFianna Fáil “an rud ceart” fós. Nó le súil go léifeadh an t-aire stáit pé tuairisc nó tuarascáil nua a bhí curtha leis an gcarn ar a dheasc aige. Faoin am seo, tá sé soiléir nach bhfaighimid aon bhlas ón rialtas seo, agus mura gcuirfidh léitheoirí na Gaeilge a míshásamh in iúl dóibh ar an 29 Samhain, is mar sin a tharlóidh sa gcéad rialtas eile, is cuma cé a bheas ina bhun.

Fág freagra ar 'Fine-Gaelú déanta ar Fhianna Fáil agus droim láimhe á tabhairt ag an stát do léitheoirí na Gaeilge'

  • Concubhar

    Fós féin cuirtear fáilte roimh Aire na Gaeltachta go hOireachtas na Gaeilge chun, casachtach mí bhéasach, na Gradaim Liteardha a bhronnadh! Nach sinne na h-amadáin agus táimíd dár n-úsáid dá réir.