‘Fillimis ar na bunphrionsabail’ – cáineadh déanta ag Roy Keane ar Chorn an Domhain a bheith ar siúl i gCatar

Dúirt iarchaptaen na hÉireann agus Manchester United nár chóir beag is fiú a dhéanamh de cheisteanna a bhain le cearta daonna toisc go raibh comórtas sacair ar siúl

Tá ráite ag Roy Keane nár cheart go mbeadh Corn Sacair an Domhain ar siúl i gCatar mar gheall ar an gceilt a dhéantar sa tír ar chearta daonna, agus an tslí a gcaitear ann le hoibrithe imirceacha, mná agus daoine LGBTQ+.

Bhí Keane ag caint le linn chraoladh ITV ar an gcluiche idir an Airgintín agus an Araib Shádach ag an gcomórtas i gCatar.

Tá conspóid mhór ag baint leis an gcomórtas ó fógraíodh gur i gCatar a bheadh sé ar siúl.

Dúirt iarchaptaen na hÉireann agus Manchester United nár chóir beag is fiú a dhéanamh de cheisteanna a bhain le cearta daonna toisc go raibh comórtas sacair ar siúl.

“Níor cheart go mbeadh Corn an Domhain anseo. Níor cheart go mbeadh sé anseo. An chaimiléireacht, a bhain le FIFA – tá tír agat a chaitheann mar sin le hoibrithe imirceacha, le daoine aeracha.”

Dúirt Keane gur iontach an rud é go raibh aird á tarraingt ar na ceisteanna seo.

“Níor chóir go mbeadh Corn an Domhain anseo acu. Ní féidir caitheamh le daoine mar sin. Is breá linn go léir an pheil, is breá linn an sacar, bímid ag caint ar an gcluiche a scaipeadh. Ach a bheith ar nós cuma liom faoi chearta an duine mar gheall ar chomórtas peile, níl sin ceart.”

Dúirt sé gurb iad “luachanna an ghnáthdhuine” agus an tslí a gcaitear le daoine “bun agus barr an scéil”.

“An pheil an spórt is fearr ar domhan agus tá oiread sin airgid i gceist go mbeidh caimiléireacht ann, ach fillimis ar na bunphrionsabail: ní mór duit caitheamh go cothrom cuí le daoine. Ba chóir gurb é sin tús agus deireadh an scéil,” arsa Keane.

Bhí Keane agus lucht anailíse eile ITV ag plé na conspóide faoi chinneadh Shasana agus tíortha eile gan banda muinchille OneLove a chaitheamh le linn a gcéad chluichí.

Bhí sé i gceist ag seacht dtír go gcaithfeadh a gcaptaein an banda chun aird a tharraingt ar na ceisteanna eitice a bhaineann leis an gcomórtas. Socraíodh nach gcaithfí an banda nuair a bhagair FIFA go ngearrfaí pionóis ar fhoirne a dhéanfadh a leithéid, ag áireamh cárta buí don chaptaen.

Fág freagra ar '‘Fillimis ar na bunphrionsabail’ – cáineadh déanta ag Roy Keane ar Chorn an Domhain a bheith ar siúl i gCatar'