Filleadh na gcruinnithe idir airí an tuaiscirt agus an deiscirt ina ‘ábhar dóchais’ d’Fhoras na Gaeilge

Is é seo an chéad uair ó 2021 go bhfuil na hairí ó dheas agus na hairí ó thuaidh chun casadh lena chéile ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

Filleadh na gcruinnithe idir airí an tuaiscirt agus an deiscirt ina ‘ábhar dóchais’ d’Fhoras na Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge ag súil go mbeidh dul chun cinn faoi chúrsaí teanga ar chlár an Taoisigh nuair a chasfaidh séle hairí rialtais an tuaiscirt agus é ag a chruinniú oifigiúil deireanach an tseachtain seo chugainn agus é ag.

Tuigtear gurb é cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) ar an 8 Aibreán an cruinniú oifigiúil deireanach a bheidh ag Leo Varadkar mar Thaoiseach agus é glactha leis go bhfuil Simon Harris le toghadh ina áit lá arna mhárach.

Is é seo an chéad uair le breis is dhá bhliain go leith a bhfuil na hairí ó dheas agus na hairí ó thuaidh chun casadh lena chéile ag cruinniú CATT. Níor reáchtáladh aon chruinnithe de chuid na comhairle le linn na tréimhse nach raibh Feidhmeannas Stormont ag feidhmiú.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gCATT ó thaobh obair Fhoras na Gaeilge agus eagraíochtaí trasteorann eile.

Is í CATT a aontaíonn buiséad an Fhorais agus a fhaomhann ceapacháin san eagraíocht sin chomh maith. Tá athcheapadh Sheáin Uí Choinn mar phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge le faomhadh ag CATT agus tá folúntais ar bhord na heagraíochta le líonadh chomh maith.

Dúirt an Foras gur “ábhar dóchais” atá ann don eagraíocht go bhfuil an chomhairle le filleadh den chéad uair ó 2021.

“Ábhar dóchais atá ann d’Fhoras na Gaeilge go mbeidh an chéad chruinniú CATT le dhá bhliain go leith ar siúl in Ard Mhacha ar an 8 Aibreán,” a dúirt urlabhraí le Tuairisc.

“Tá súil ag Foras na Gaeilge go n-éascóidh athbhunú CATT gnó na heagraíochta teanga agus go dtacóidh sé le cur i gcrích na bpleananna oibre don tréimhse amach romhainn, tréimhse a bheidh thar a bheith tábhachtach do chur chun cinn na teanga.”

Ní raibh ach cruinniú amháin ag CATT faoi chúrsaí teanga ó 2020 agus ní raibh aon chruinnithe CATT ann idir 2016 agus 2020, trath ar athbhunaíodh Feidhmeannas Stormont.

Dúirt Seán Ó Coinn le Tuairisc anuraidh nach raibh Foras na Gaeilge in ann pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh gan comhoibriú Thuaidh-Theas agus imní á léiriú aige go bhfágfaí an Foras ar an trá fholamh ó thaobh maoinithe de.

Ritheadh rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite ag áitiú go raibh ag teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le fiche bliain anuas agus gur chóir deireadh a chur leis mura gcuirtear rudaí ina gceart laistigh de bhliain.

Fág freagra ar 'Filleadh na gcruinnithe idir airí an tuaiscirt agus an deiscirt ina ‘ábhar dóchais’ d’Fhoras na Gaeilge'