Gníomhaíocht 1 – Réamhphlé:
- Mo Ghoogleáil an teideal atá ar an dán seo. Déan plé leis an duine in aice leat faoi na suíomhanna idirlín a úsáideann tú go minic.
- Tá físeán anseo le beirt ag scigmhagadh faoi na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis an teicneolaíocht inár saol.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht:
- Éist leis an taifeadadh den dán.
- Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis/léi ag aithris an dáin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- Céard iad na rudaí éagsúla a dhéanann an file seo ar an idirlíon?
- Céard a d’fhoghlaim a mac faoi Harry Potter?
- Céard is brí leis na línte
“Cé dúirt nárbh foinse
An t-ocras chun eolais
A alpann mo ghoogleáil” - Céard a tharla sa dara leath den dán a chur alltacht ar an bhfile?
- Cén fáth meas tú go raibh uirthi an ríomhaire glúine a mhúchadh sa deireadh?
- Cén fáth a mbaineann an file úsáid as cló iodálach sa dán?
Gníomhaíocht 7 – Sraith pictiúr
- Tá roinnt íomhánna éagsúla sa dán seo. I ngrúpaí déan sraith pictiúr a dhearadh ar scéal an dáin.
- Déan cur i láthair faoin dán seo ag úsáid na n-íomhánna atá agaibh.
- Is féidir libh an suíomh https://www.storyboardthat.com/ a úsáid más mian libh.
Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile
- Léigh an dán Stadeolaíocht agus déan plé ar na cosúlachtaí agus difríochtaí idir an dá dhán.
Seo nasc chuig físdán de chuid an fhile. Féach air. - Meas tú an bhfuil an t-idirlíon ag cabhrú linn an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga inniu? Pléigh an cheist sin le do pháirtí. Tabharfaidh an físeán seo roinnt smaointe duit?
- Seo nascanna chuig ailt faoi dhíthocsainiú digiteach agus an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht orainn, ar dhaoine óga ach go háirithe. Léigh iad go cúramach; beidh tú ag scríobh faoin ábhar seo ar ball. Déan cúpla nóta a bhreacadh.
Nasc 1
Nasc 2
Nasc 3 (Téigh síos chuig “Daoine Óga agus Teicneolaíocht”)
Nasc 4
Gníomhaíocht 9 – Ag Dearadh
- Cuir póstaer le chéile ag míniú na mbuntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an idirlíon.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Déan an póstaer a chur i láthair an ranga.
- Is féidir an póstaer a chrochadh sa seomra ranga.
Gníomhaíocht 10 – Téigh i mBun Pinn Arís – PUNANN
- Bain triail as 7 lá a chaitheamh gan úsáid a bhaint as an teicneolaíocht / as d’fhón póca. Déan dialaann fuaime a choinneáil faoi na buntáistí, na dúshláin srl. a thugann tú faoi deara.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Éist le saothair dhaoine eile sa rang.
- Cuir ceisteanna orthu faoin méid a dúirt siad.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!
D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh ar https://create.kahoot.it/login
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Mo Ghoogleáil le Dairena Ní Chinnéide'