Fianna Fáil sa bhfaopach agus olltoghchán ag teannadh linn

Cé go dtuigeann daoine i bhFianna Fáil go bhfuil roghanna deacra os a gcomhair ní léir go bhfuil aon diospóireacht mhacánta ar siúl mar gheall ar na roghanna sin

22/9/2015 Fianna Fail Leader Micheal Martin talking to the media on the plinth on the day the Dail returns back from holidays to discuss the Fennelly Report and the party's No Confidence Motion in the Taoiseach. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Más sásamh d’Fhianna Fáil é go léiríonn pobalbhreith an Irish Times go bhfuil siad chun tosaigh ar Shinn Féin, is beag an sásamh é mar tá Fianna Fáil fós agus mórán an leibhéal céanna tacaíochta acu is a bhí nuair a baineadh tubaiste dóibh in olltoghchán 2011.

Go deimhin, níl ach mionathruithe le tabhairt faoi ndeara sna pobalbhreitheanna le tamall maith anuas: Fine Gael idir lár na bhfichidí is na fichidí arda; Fianna Fáil mórán mar a bhí san olltoghchán; Sinn Féin thuas seal thíos seal ag timpeall a fiche faoin gcéad; agus Labour faoi bhun a deich.

Bhí páirtithe an rialtais ag súil go dtabharfadh an chaint faoi bhorradh eacnamaíochta preab dóibh, ach níl sé le feiceáil go fóill. Agus bunaithe ar na figiúirí seo ní thiocfaidh an rialtas ar ais mar atá.

Ach ní léir cén rialtas eile a bheas ann. Agus sin an faopach ina bhfuil Fianna Fáil faoi láthair.

Tá trí rogha ag an bpáirtí: taobhú le Fine Gael, taobhú le Sinn Féin nó droim láimhe a thabhairt leis an scéal ar fad.

Tá gach seans go mbeidh an páirtí chun tosaigh ar Shinn Féin – cé nach bhfuil an méid sin cinnte – ach tá cinneadh déanta ag Sinn Féin nach rachaidh siad isteach in aon chomhrialtas murab iad an páirtí is mó.

Ar ndóigh, tá gach páirtí ag rá an rud céanna, ach bheadh ar Shinn Féin an iomarca dá gclár oibre a chur ó mhaith chun dul i mbun rialtais. Mar mhionpháirtí rialtais ní bheadh ar a gcumas stop a chur leis an bpolasaí déine, níos mó cánach a bhaint ó na daoine is saibhre ná seasamh níos láidre a ghlacadh i gcoinne Aontas na hEorpa.

Sin praghas an-ard d’Fhianna Fáil, ró-ard b’fhéidir, go háirithe don eite den pháirtí lena mbaineann Michael McGrath agus John McGuinness. Agus tá scata daoine eile sa pháirtí, ar nós Niall Collins agus Willie O’Dea, atá nimhneach i gcoinne Shinn Féin toisc go mbíonn siad ag triall ar an tobar céanna vótala leo.

Agus, ar ndóigh, tá faitíos ar Fhianna Fáil go gcaillfidís tacaíocht na meánaicme, atá ag teacht ar ais chucu go drogallach.

Anuas air sin, feictear dóibh go bhfuil an aicme oibre caillte acu.  Agus i mBaile Átha Cliath, fuair siad réidh le hiarrthoirí ón aicme oibre ar nós David McGuinness i mBaile Bhlainséir agus Dáithí de Róiste i mBaile Formaid.

Agus tá Fine Gael ag dul san ionsaí orthu i measc na meánaicme, ag cur i leith an pháirtí go mbeidh siad ag taobhú – mar pháirtnéir sóisearach go deimhin – le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin.

Ach b’fhéidir gur measa an rogha eile.  Níl mórán difríochtaí polasaithe idir Fine Gael agus Fianna Fáil, ach tá difríocht mhór ann ó thaobh an tradisiúin de.  Faoin tuath go háirithe, baineann Fine Gael go stairiúil leis an uasaicme thraidisiúnta agus baineann Fianna Fáil le lucht an ‘airgid nua’.

Tá sé deacair a shamhlú go bhféadfadh Fianna Fáil teacht slán as dá rachfaí i mbun chomhghuaillíocht rialtais le Fine Gael. Shlogfadh an páirtí mór iad nó scoiltfí Fianna Fáil féin idir eite Éamoin Ui Chuív is Dara Calleary agus an eite fíor-mheánaicmeach a bhaineann le leithéid Mhichael McGrath.

Bealach amháin nó bealach eile bheadh deireadh le Fianna Fáil.

Chun a leithéid a sheachaint táthar ag moladh gur chóir gan dul isteach sa rialtas ach tacaíocht a thabhairt ón dtaobh amuigh do rialtas mionlaigh Fhine Gael. D’fhágfadh an straitéis seo na neamhspleáigh gan aon chumhacht acu, ach bheadh Fianna Fáil ceangailte le polasaithe nach mbeadh aon tionchar acu orthu. B’shin an cás is measa ar fad dóibh.

Mar a tharlaíonn tá an oiread sin caitheamh anuas déanta ag Micheál Martin ar Shinn Féin go bhfuil sé i ndiaidh a pháirtí a chur i mbosca nach bhfuil éalú as ach taobhú le Fine Gael.

Cé go dtuigeann daoine sa bpáirtí go bhfuil roghanna deacra os a gcomhair ní léir go bhfuil aon diospóireacht mhacánta ar siúl mar gheall ar na roghanna sin.  Is cosúil go bhfuil lucht ceannais an pháirtí ag súil go mbeidh míorúilt ann a chuirfeadh an pholaitíocht ar ais ina seanriocht.

Ach i bhfianaise na pobalbhreitheanna a bheith chomh seasmhach sin níl aon chosúlacht ann go dtarlódh an mhíorúilt chéanna go luath.

Fiú dá n-éireodh le Fianna Fáil teacht chuige fein i ndiaidh thubaiste 2011, is ar éigean go dtiocfaidís slán as cleamhnas lena sean-naimhde – na Léinte Gorma. Olltoghchán an-spéisiúil atá romhainn.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil sa bhfaopach agus olltoghchán ag teannadh linn'