Fianna Fáil agus Fine Gael ag tarraingt go maith le chéile ach míshástacht sa dá pháirtí

Ag teacht chucu féin ó bhliain chrua, chorraitheach a bheidh na páirtithe móra idir seo agus tús 2026

Fianna Fáil agus Fine Gael ag tarraingt go maith le chéile ach míshástacht sa dá pháirtí

Tá muid ar fad ag tnúth le cúpla lá saoire as seo go ceann seachtaine nó coicís. Am le scíth a ligean, neart a ithe, labhairt leis na páistí agus beagán fuinnimh a chaomhnú do laethanta dorcha mhí Eanáir sula dtosnaíonn an t-earrach Lá’l Bríde. Is amhlaidh ag polaiteoirí na tíre ach ar chuma éigin tá an chosúlacht ar na páirtithe móra sa gcomhrialtas gur ag teacht chucu féin ó bhliain chrua, chorraitheach a bheidh siad idir seo agus tús 2026.

Ba cheart, ag breathnú siar ar thús na bliana gur ag ceiliúradh a bheadh Fianna Fáil agus Fine Gael – iad ar ais i gcomhrialtas go ceann roinnt blianta eile agus ag réiteach go maith le chéile. Tá an t-achrann a tharraing bunú an rialtais i mí Eanáir seo, faoi chearta urlabhra do neamhspleáigh a thacaíonn le Fianna Fáil agus Fine Gael, curtha taobh thiar díobh agus ba cheart mura dtarlaíonn aon timpiste go mbeidís slán sábháilte i mbun na tíre go ceann ceithre bliana eile.

Bliain mhór cheiliúrtha a bheidh sa mbliain seo chugainn d’Fhianna Fáil – 100 bliain ó chinn Éamon de Valera nach raibh sa mhóid dílseachta do rí na Breataine ach foirmle focal gan tábhacht agus bunaíodh an páirtí. D’fhág an ráithe dheiridh den bhliain seo caite an páirtí trína chéile agus an Taoiseach faoi bhrú. Níos measa ná sin tá cosmhuintir an pháirtí ar fud na tíre oibrithe agus ní bheidh aon drogall ná doicheall orthu é sin a chur in iúl d’ionadaithe an pháirtí ó cheann ceann na tíre. Níl aon bhealach eile lena rá ach rinne siad praiseach de thoghchán na huachtaránachta agus tharraing an scéal ar fad aird ar stíl cheannaireachta Mhichíl Martin. Is maith le muintir Fhianna Fáil a thabhairt le fios gurb aon mhuintir amháin iad agus go n-oibríonn siad as lámha a chéile – rinne ar tharla faoi fheachtas Jim Gavin ceap magaidh den tuairim sin agus tá go leor de bhaill an pháirtí fós den tuairim go náiríodh iad agus nach bhfuair siad aon fhreagra soiléir faoinar tharla.

Tá míshástacht le brath i measc mhuintir Fhine Gael freisin. Chaill siad an deis is fearr dá raibh riamh acu seilbh a ghlacadh ar Áras an Uachtaráin. Tá Paschal Donohoe imithe leis go Washington agus duine de na hurlabhraithe is fearr dá raibh acu caillte acu. Seachas duine d’urlabhraithe eile an pháirtí a chur sa Roinn Airgeadais ghlac Simon Harris na dualgais sin air féin. Ní mórán de vóta muiníne ina chomhghleacaithe an méid sin! Tá sé ina imní ó shin go mbeidh Harris mar aire róbhunáiteach don ról comhpháirtíochta a bhí ag Paschal agus é ag coinneáil guaim ar theannas i measc airí rialtais le blianta fada anois. Mar bharr ar an mí-ádh tá tacaíocht an pháirtí ag titim go seasta más cóir géilleadh do na pobalbhreitheanna.

Beidh deis acu ar fad anois as seo go ceann coicíse a machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá rompu in 2026. Tá go leor airgid sa tír ach tá fadhbanna le sárú, go háirithe i réimse na tithíochta agus an infreastruchtúir. Tá ullmhúcháin ar siúl le roinnt míonna cheana féin d’uachtaránacht na tíre ar Chomhairle na hEorpa, deis dea-cháil ar an tír a scaipeadh ar fud na hEorpa. An rud deiridh a theastaíonn ná coimhlintí inmheánacha sna páirtithe comhrialtais agus fearg na cosmhuintire ag cur brú orthu – ábhar machnaimh do na laethanta saoire?

Fág freagra ar 'Fianna Fáil agus Fine Gael ag tarraingt go maith le chéile ach míshástacht sa dá pháirtí'

  • ANS

    Ní fheicimse difríocht shuntasach ar bith idir an dá pháirtí seo: is mar a chéile iad