Fianaise ar bith ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh le linn círéibeacha

Deir Coimisiún an Meán bhfuil sé róluath a rá ar baineadh mí-úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh ar líne le linn na gcíbréibeacha i mBaile Átha Cliath

Fianaise ar bith ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh le linn círéibeacha

Deir an Coimisiún Eorpach “nach bhfuil aon fhianaise ann” gur bhain gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis úsáid as an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Tuairiscíodh le cúpla lá anuas go raibh imní ar dhaoine sa Choimisiún Eorpach go raibh fuathchaint á scaipeadh ar líne i nGaeilge in iarracht teacht i dtír ar an easpa modhnóirí le Gaeilge a bhíonn ag obair le leithéidí Facebook, YouTube, X (Twitter mar a bhí) Instagram agus Tik-Tok.

Ach deir urlabhraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh nach bhfuil aon fhianaise ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuath nó ábhar mídhleathach a scaipeadh ar na meáin shóisialta le linn na gcíréibeacha a tharla i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite.

“Níl aon fhianaise ann gur tharla sé seo ach tá sé á fhiosrú i láthair na huaire,” a dúirt Johannes Bahrke ón gCoimisiún Eorpach agus é ag labhairt ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1.

Dúirt Bahrke go bhféadfadh easpa modhnóirí leis na scileanna teanga cuí fadhbanna a chruthú amach anseo.

“An pointe atá ann ná go gcruthaíonn tú laige i d’ardán mura bhfuil agat ach duine amháin a labhraíonn an teanga sin. Ní eolas ar an teanga amháin atá ag teastáil, tá eolas ar an gcomhthéacs cultúrtha ag teastáil chomh maith chun a bheith i do mhodhnóir inneachair éifeachtach.”

Dúirt Bahrke go raibh Meta, ar leo Facebook agus Instagram, “i bhfad níos ullmhaithe” le dul i ngleic le haon iarracht fuathchaint a scaipeadh i nGaeilge toisc go raibh 42 modhnóir le Gaeilge fostaithe ag an gcomhlacht. Meastar go bhfuil fadhb go háirithe maidir le heaspa Gaeilgeoirí ag X agus Google, ar leo YouTube.

I ráiteas a chuir Coimisiún an Meán ar fáil do Tuairisc, dúradh go raibh sé róluath a rá ar baineadh mí-úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh ar líne le linn na gcíbréibeacha i mBaile Átha Cliath.

“Tá Coimisiún na Meán fós ag bailiú eolais ó na hardáin faoi eachtraí na seachtaine seo caite agus, mar gheall air sin, tá sé róluath a rá an bhfuil deacracht ann maidir le hábhar Gaeilge,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúradh go bhfuil Coimisiún an Meán ag éileamh ar na hardáin uile srian a chur ar ábhar a bhíonn dírithe ar bhréagaisnéis agus fuath a scaipeadh nó a spreagann coireacht.

Dheimhnigh An Garda Síochána do Tuairisc go rabhthas i mbun fiosruithe maidir le roinnt teachtaireachtaí a scaipeadh ar an meáin shóisialta ach dhiúltaigh siad a dheimhniú an raibh aon ábhar i nGaeilge i gceist.

I ndiaidh na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath, bhí Éire ar an gcéad bhallstát de chuid an AE a bhain leas as ‘foláireamh’ nua faoin bhfuathchaint ar líne, beart a cheadaigh don Choimisiún Eorpach teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí móra meán sóisialta.

Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha leagtar dualgais níos déine ar na hardáin mhóra i dtaca le caint agus ábhar ar líne a dhéanann dochar do dhaoine nó a spreagann daoine chun dochar a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Fianaise ar bith ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh le linn círéibeacha'

  • Antóin

    Déardaoin, Samhain 30, de réir Tuairisc.ie “Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta.”

    D’aithin léitheoirí Tuairisc.ie láithreach bonn gur amaidí gan bun ná barr leis a bhí ann, agus inniu,

    De hAoine, Nollaig 1, de réir Tuairisc.ie, “Deir an Coimisiún Eorpach “nach bhfuil aon fhianaise ann” gur bhain gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis úsáid as an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.”

    Cad é an Coimisiún Eorpach dála an scéil agus cad iad na dualgais atá air?

    Agus tá Tuairisc ag rá linn go bhfuil an Coimisiún Eorpach ‘buartha….. lá amháin agus lá ina dhiaidh sin go gceapann ‘siad nach bhfuil aon fhianaise ann……’

    Tá sé in am do Thuairisc.ie foireann modhnóirí a fhostú láithreach chun muid a choinneáil slán ón tseafóid seo.

  • Seán Mag Leannáin

    Caithfidh gur jóc séasúrach é an tuairisc seo go raibh Gaeilge á húsáid leis an ndaoscarshlua a ghríosú. Bhí an scéal céanna ag Tony Connelly ón mBruiséil ar RTÉ aréir. An amhlaidh go raibh Elon Musk ag tógáil an mhicí ó na húdaráis in Éirinn agus san Eoraip agus a fhios aige go maith nach bhfuil Gaeilge dá laghad ag na húdaráis chéanna ach oiread leis an ndaoscarshlua i mbun ciréibe.