Feithidí is cuileoga marbha agus salachar i mbialann Ghaeltachta a fuair ordú dúnta

D’ordaigh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann go ndúnfaí bialann an tí tábhairne Tigh Giblin sa Spidéal i gConamara ar feadh trí lá an mhí seo caite

Feithidí is cuileoga marbha agus salachar i mbialann Ghaeltachta a fuair ordú dúnta

Bhí feithidí agus cuileoga marbha in áit stórála an bhia agus bhí seanbhia fágtha gan glanadh ar na dromchlaí mar a raibh bia á stóráil i mbialann i nGaeltacht Chonamara a dúnadh ar feadh trí lá aimsir na Nollag faoi ordú an HSE.

De réir na tuarascála cigireachta faoi Thigh Giblin ar an Spidéal, bhí an bhialann ar fad an-salach agus bhí salachar i ngach áit a raibh bia á stóráil, á láimhseáil, á ullmhú agus á chócaireacht.

D’ordaigh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann go ndúnfaí bialann an tí tábhairne Gaeltachta an mhí seo caite,  ón 15 Nollaig go dtí an 18 Nollaig, toisc go bhfuarthas gur sáraíodh rialacha a bhain le sábháilteacht bia.

Bhí cead ag lucht Tigh Giblin an beár a bheith oscailte acu agus deochanna a dhíol fad is a bhí an bhialann dúnta.

Deirtear san ordú dúnta, atá foilsithe ar shuíomh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, go raibh an t-urlár ar fud na bialainne salach agus go raibh seanphlúr ar chuid den urlár.

Bhí salachar ag íochtar na mballaí agus i scoilteanna san urlár i seomra stórála na nglasraí. Bhí brat tiubh gréis agus salachair ar an mballa taobh thiar den trealamh cócaireachta agus bhí grán dubh le feiceáil agus é ag fás ar an tsíleáil in áit nite na ngréithe.

Bhí an balla san ionad stórála bia tirim dubh le salachar agus bhí cláir sciorta na bialainne ar fad clúdaithe le salachar agus bhí na soicéid agus na cáblaí leictreachais salach.

Dúradh go raibh damháin alla agus a líonta san ionad stórála bia tirim.

D’fhág droch-chaighdeán glaineachta na bialainne go raibh baol ann go ndéanfaí truailliú ar aon bhia a d’ullmhófaí nó a stórálfaí san áit, a dúradh.

Fuarthas chomh maith nár glanadh sceana i ndiaidh iad a úsáid agus go raibh siad clúdaithe le fuílleach bia agus nár glanadh i gceart ach oiread roinnt miasa cócaireachta i ndiaidh a n-úsáide.

Dúradh go raibh bia agus comhábhair stóráilte i gcoimeádáin shalacha agus go raibh coimeádáin clúdaithe le fuílleach bia.

Fág freagra ar 'Feithidí is cuileoga marbha agus salachar i mbialann Ghaeltachta a fuair ordú dúnta'