Feimineachas – focal na Bliana ag foclóir Merriam-Webster

Tugann foclóir Merriam-Webster, dhá ghné de ina sainmhíniú ar an bhfocal feimineachas: an prionsabal féin agus an ghluaiseacht

Feimineachas – focal na Bliana ag foclóir Merriam-Webster

An focal is mó ar theastaigh a bhrí ó úsáideoirí fhoclóir Merriam-Webster in 2017 – feimineachas.

Feimineachas (feminism) atá roghnaithe ag lucht fhoclóir Merriam-Webster mar fhocal na bliana 2017. De réir ráiteas a rinne lucht Merriam-Webster, bhí go leor daoine ag cuardach an fhocail feimineachas i dtús na bliana seo tar éis Mháirseáil na mBan, a eagraíodh ar an 21 Eanáir 2017, an lá tar éis insealbhú Donald Trump sa Teach Bán.

“Ní fhéadfadh aon fhocal amháin scéalta agus imeachtaí aon bhliain faoi leith a chur in iúl,” a deir Peter Sokolowski, duine  d’eagarthóirí fhoclóir Béarla Merriam-Webster.

“Ach má bhreathnaíonn muid siar ar an dá mhí dhéag dheiridh  seo, agus anailís a dhéanamh ar na focail is mó a cuardaíodh sa bhfoclóir le bliain agus a raibh ardú mór ar na cuardaigh sin nuair a bhíodh scéalta áirithe sa nuacht, is léir go raibh focal amháin a raibh sin fíor faoi.”

Rinneadh ruathar cuardaigh eile ar an bhfocal (feimineachas) tar éis do Kellyanne Conway, ceann feadhna fheachtas uachtaránachta Donald Trump agus comhairleoir de chuid an Uachtaráin a rá nárbh aon fheimineach í féin.  Mheas Conway go mbaineann an téarma feimineachas le daoine a bhíonn in aghaidh na bhfear agus ar son an ghinmhillte.  “Ní haon íobartach mise ag rudaí a tharla ach is iad na roghanna a rinne mé féin a stiúir mo shaol,” a dúirt sí agus í ag moladh na ndeiseanna iontacha fostaíochta a thugann Trump do mhná. 

Le déanaí spreag gluaiseacht #MeToo, scéalta á nochtadh faoi chiapadh agus ionsaithe gnéis a tharla do dhaoine ina saol oibre, an-chuid cuardaigh chomh maith.

Tugann foclóir Merriam-Webster, dhá ghné de ina sainmhíniú ar an bhfocal feimineachas: an prionsabal féin  “an teoiric go bhfuil na hinscní comhionann ó thaobh na polaitíochta, na heacnamaíochta agus go sóisialta” agus an ghluaiseacht “gníomhaíocht eagraithe chun tacú le leas agus cearta na mban”.

Ag leanúint dúchas na Gaeilge, déantar dhá mhír den dá bhrí sin ar foclóir.ie

feminism

 POL1 noun belief feimineachas

2 noun movement an feimineachas

‘Complicit’ – a bheith comhpháirteach sa rud nach bhfuil ceart – focal na bliana ag Ditionary.com a fógraíodh Dé Luain mar gurbh é sin is minice a cuardaíodh ar an suíomh sin.

Imreoirí NFL i Meiriceá agus an t-amhrán náisiúnta, #MeToo agus cúrsaí polaitíochta ba mhó a spreag daoine le míniú an fhocail sin a aimsiú ar an suíomh agus daoine ag diúltú don chomhpháirteachas go poiblí i réimsí éagsúla den saol.

‘Surreal’ (osréalach) a roghnaigh Merriam-Webster  mar fhocal na bliana anuraidh, ‘post-truth’ a bhí ag foclóir Oxford, agus ‘xenophobia’ (seineafóibe) ag dictionary.com

Ba é an focal ‘grandma’ (mamó) an focal ba mhó cuardach ar foclóir.ie anuraidh agus é i bhfad chun cinn ar na focail eile ar an liosta den 100 focal is mó cuardach a chuir Foclóir.ie ar fáil do Tuairisc.ie.

Níór imir imeachtaí móra na bliana 2016 tionchar mór ar na focail is mó cuardach ar Foclóir.ie. Murab ionann agus foclóirí móra an Bhéarla agus mórtheangacha eile an domhain, ní raibh tionchar mór ag toghchán Mheiriceá, an reifreann ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, ná an sceimhlitheoireacht ar liosta na bhfocal is mó cuardach i nGaeilge anuraidh.

Fág freagra ar 'Feimineachas – focal na Bliana ag foclóir Merriam-Webster'