Féile na Meán Ceilteach 2016 le bheith i bPort Láirge

Fógraíodh inniu ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhear Nis na hAlban gur i nDún Garbhán i gcontae Phort Láirge a bheas féile na bliana seo chugainn, dea-scéala do mhuintir na nDéise

Michelle Nic Grianna

Fógraíodh inniu ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhear Nis na hAlban gur i nDún Garbhán i gcontae Phort Láirge a bheas féile na bliana seo chugainn.

Is mór an tógáil croí don cheantar agus do Ghaeltacht na nDéise go mbeidh an fhéile cháiliúil seo á reáchtáil san oirdheisceart.

Ar ndóigh, tá cáil cheana féin ar Ghaeltacht na Rinne mar áit a bhfuil na meáin go mór sa treis ann agus an comhlacht iomráiteach léiriúcháin Nemeton ag treabhadh leo i ngort na meán le beagnach 20 bliain. Tá Nemeton ar cheann de na comhlachtaí leiriúcháin spóirt is mó in Éirinn.

Idir an dá linn, bronnadh an gradam ‘Craoltóir Raidió na Bliana’ ar Michelle Nic Grianna, craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag féile na bliana seo in Inbhir Nis.

Is é seo an cúigiú bliain as a chéile a bhfuil Craoltóir na Bliana bronnta ar chraoltóir de chuid an stáisiúin ag Féile na Meán Ceilteach.

Bhuaigh an clár faisnéise Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste gradam ‘Spiorad na Féile’.

Fág freagra ar 'Féile na Meán Ceilteach 2016 le bheith i bPort Láirge'