Féile Liú Lúnasa á reáchtáil ar líne ó Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo

Beidh imeachtaí Liú Lúnasa á reáchtáil ar líne mar gheall ar na srianta a bhaineann le Covid-19

Féile Liú Lúnasa á reáchtáil ar líne ó Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo

Tá féile Liú Lúnasa á reáchtáil ar líne an deireadh seachtaine seo agus fáilte roimh dhaoine ar fud na cruinne a bheith páirteach in imeachtaí na féile.

Seo an séú bliain a bheidh an fhéile ailtéarnach chultúrtha á reáchtáil ag Gaeil óga na cathrach cois Lagáin.

Dúirt Caoimhe Ní Chathail, duine de lucht eagraithe na féile, go raibh “lúcháir” orthu gur éirigh leo an fhéile a bhogadh ar líne i mbliana.

“Bunaíodh an fhéile chun na healaíona, an t-imeallchultúr agus Gaeil óga chathair Bhéal Feirste a cheiliúradh. Is cúis bhróid é gur sin go díreach a bheas muid a dhéanamh don séú bliain as a chéile le réimse imeachtaí na féile i mbliana,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail.

Beidh ceolchoirmeacha, slam filíochta agus imeachtaí á reáchtáil agus á gcraoladh ar leathanach Facebook agus ar chainéal YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich as seo go ceann cúpla lá.

Tá tús curtha le dianchúrsa Gaeilge agus daoine ón Iodáil, Sasana agus áiteanna eile ar fud an domhain ag tabhairt faoi na ranganna ar líne.

I measc na mbuaicphointí i gclár na féile, tá ceolchoirm leis an bhanna reggae Bréag, a chraolfar ar YouTube Dé Sathairn, 29 Lúnasa, ar 8.30pm.

Dé hAoine, ag a 1pm, beidh ceolchoirm á craoladh beo ó ghairdín dín na Cultúrlainne leis an bheirt phíobairí Brìghde Chaimbeul agus Jamie Murphy agus an boscadóir as Gaeltacht na Gaillimhe Edel Ní Churraoin.

Pléifear cúrsaí comhshaoil ag painéal cainte a mbeidh Ailbhe Ó Monacháin ó TG4 ina chathaoirleach air Dé Sathairn ag a 2pm. ‘An Timpeallacht – Gníomh Pearsanta a Dhéanfaidh Difear’ an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil agus beidh saineolaithe agus gníomhaithe as na ceithre hairde ag cur a dtuairimí in iúl.

Bíonn tóir mhór i gcónaí ar an Slam Filíochta, croílár na féile agus oíche mhór na féile gach bliain. Beidh Séamus Barra Ó Súilleabháin ina mholtóir i mbliana agus  Sinéad Ní Uallacháin a dhéanfaidh bean an tí. Tá duaischiste £700 ag an chomórtas filíochta, a chraolfar anocht ar YouTube na Cultúrlainne ar 8.30pm.

Fág freagra ar 'Féile Liú Lúnasa á reáchtáil ar líne ó Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo'