Féile ‘ailtéarnach’ Gaelach le bunú i mBéal Feirste

Teastaíonn £2,000 ó lucht eagraithe Liú Lúnasa chun an fhéile a chur ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh mhí Lúnasa

Bunting

Tá féile nua Ghaelach darb ainm Liú Lúnasa á cur ar bun i mBéal Feirste an mhí seo chugainn agus feachtas sluamhaoinithe tosaithe ar crowdfunder.co.uk le hí a mhaoiniú.

Deir lucht eagraithe na féile go bhfuil an fhéile á cur ar bun mar níl dóthain imeachtaí sóisialta ar fáil do na Gaeil in Éirinn taobh amuigh den chóras scolaíochta, go háirithe córas na Gaelscolaíochta.

“Tuigeann muid tábhacht na scoileanna ach tá sé thar am gur eagraigh muid níos mó imeachtaí sóisialta, níos mó craice, níos mó den drabhlas agus bia agus deiseanna níos mó Gaeilge a úsáid,” a dúirt Naoise Ó Cairealláin, duine d’eagraithe Liú Lúnasa.

Is féile cheoil den chuid is mó a bheidh i gceist le Liú Lúnasa, a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine deireanach den mhí seo chugainn, a bhfuil sí mar aidhm aici deis a thabhairt do cheoltóirí agus ealaíontóirí úra a gcuid buanna a nochtadh don phobal.

I measc na n-imeachtaí eile atá geallta ag eagraithe na féile, tá ranganna ióga, ceardlanna aclaíochta, drámaíocht, díospóireacht agus beárbaiciú.

Tá £2,000 leagtha síos mar sprioc ar an leathanach Crowdfunder don fhéile agus £110 de sin faighte cheana féin. Cé gur ar bhonn deonach atá an fhéile á heagrú, íocfar na ceoltóirí agus ealaíontóirí a bheidh páirteach inti agus is chuige sin, a deir lucht lucht eagraithe na féile, a cuireadh an leathanach sluamhaoinithe ar bun. Caithfear an t-airgead a thiomsófar ar an suíomh ar threalamh agus oibrithe fuaime agus costais eile a bhainfidh le reáchtáil na féile.

Mar is iondúil le feachtas den chineál seo, bronnfar féirín beag buíochais ar an té a thabharfaidh a chuid airgid ar son na cúise. Tá idir t-léinte, ticéid agus dearbháin dí le bronnadh ar lucht tacaíochta Liú Lúnasa.

Beidh an fhéile á reáchtáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste idir 28 agus 30 Lúnasa.

Fág freagra ar 'Féile ‘ailtéarnach’ Gaelach le bunú i mBéal Feirste'

  • Concubhar

    Beidh an fhéile ar bun sa Chultúrlann gan amhras, beag bheann ar thoradh an fheachtais seo.