Maraíodh fear a bhí os cionn an dá scór i gCill Chiaráin i gConamara inniu nuair a bhuail feithicil é ag a 11 ar maidin. Tá an bóthar R340 dúnta faoi láthair a fhad is atá fiosrúchán fóiréinseach ar bun ag na Gardaí. Tá iarrtha ar an bpobal aon eolas faoin timpiste a thabhairt do Ghardaí an Chlocháin. Níor tugadh ainm an fhir go fóill.