Fear de bhunadh Chonamara ag seasamh an fhóid d’Obamacare i gcoinne Trump

Is é an tOllamh John E. McDonough, Ollamh in Ollscoil Harvard ar de bhunadh Charna é, a rinne múnlú ar chuid mhór den pholasaí ar a bhfuil an Affordable Care Act bunaithe

Fear de bhunadh Chonamara ag seasamh an fhóid d’Obamacare i gcoinne Trump

Tá Obamacare ar aghaidh na bpiléar ag an Uachtarán Donald Trump agus na Poblachtánaigh – ach tá fear de bhunadh Chonamara ag seasamh go daingean leis an bpolasaí sláinte.

Is é an tOllamh John E. McDonough, an Stiúrthóir ar an Rannóg Sláinte Pobail in Ollscoil Harvard, a rinne múnlú ar chuid mhór den pholasaí sláinte i Stát Massachusetts, an reachtaíocht ar a bhunaigh Barack Obama an tAcht ar a dtugtar an Affordable Care Act. Tá an leagan Obamacare curtha ag go leor daoine ar an reachtaíocht chéanna agus tá ionsaí fíochmhar déanta ag an bPáirtí Poblachtánach uirthi ó thús. Tá ordú amháin sínithe ag an Uachtarán Donald Trump cheana féin ag déanamh lagachan ar an reachtaíocht, ach beidh sé deacair aige féin agus ag na Poblachtánaigh an Affordable Care Act a chur i leataobh.

“Tá na Poblachtánaigh ag tuiscint de réir a chéile go mbeidh sé an-deacair acu an tAcht a chur ó mhaith,” a deir an tOllamh John E. McDonough, agus é ag labhairt le Tuairisc.ie  ó Ollscoil Harvard.  “Ar an gcéad dul síos, ní dóigh liomsa go bhfuil a fhios acu céard a chuirfear ina áit.  Ach, lena chois sin, theastódh 60 vóta uait sa Seanad le cealú a dhéanamh ar a leithéid seo de reachtaíocht agus níl acu ach 52 suíochán.  Sin móramh, ach ní fheicim go dtiocfaidh mórán Daonlathach ar bord leo sa gcás seo.”

Chuirfeadh móramh glan an dlí ar ceal agus tá na vótaí ag na Poblachtánaigh leis an mbeart sin a dhéanamh.  Is é an pointe atá ag John E. McDonough ná go mbeifí ag súil ansin go mbeadh córas nua ann, agus go dteastódh tacaíocht 60 den 100 Seanadóir chun a leithéid a dhéanamh.  Tá na Poblachtánaigh sách láidir i dTeach na nIonadaithe lena rogha rud a dhéanamh go polaitiúil.

Cé go bhfuil cáil mhór ar chuid de na hospidéil agus na háiseanna leighis i Stáit Aontaithe Mheiriceá – tá ospidéil cheantar Bhoston, mar shampla, molta ar fud an domhain – tá an costas a bhaineann le cóir leighis ard.  An té nach mbíonn árachas ceart sláinte aige, d’fhéadfadh sé gach a bhfuil aige a chailleadh ar chostais leighis agus tharla sé san am a caitheadh go bhfágtaí daoine beo bocht.  Ar an taobh eile den scéal, tá córas leighis ann do dhaoine nach bhfuil in acmhainn íoc as a leithéid, cé go bhféadfadh fanacht fada a bheith i gceist sa chás sin.  Lena chois sin, bhíodh drogall ar dhaoine a dhul isteach sna hospidéil phoiblí sna Stáit toisc droch-cháil a bheith orthu.  Ar an drochuair, mar shampla,  d’fhéadfadh duine a  bheith i  mbaol a ionsaithe i gcuid acu, a deirtear. 

Chuir an tUachtarán Obama roimhe go leigheasfaí an scéal sin.  Chaith sé tamall fada ag iarraidh an Affordable Care Act a chur thrí Thithe na Comhdhála i Washington agus d’éirigh leis sa deireadh.  Dlí casta atá ann, ach tá sé bunaithe ar an bprionsabal go mbeadh ar chuile dhuine, a bhí in acmhainn sin a dhéanamh, árachas sláinte a chur air féin agus ar a theaghlach má bhí clann aige.   San am céanna socraíodh nach bhféadfadh comhlachtaí árachais a dhiúltú do dhuine ar bith fiú is dá mbeadh tinneas éigin ag dul dó.  Ba í an teoiric ná go mbeadh na comhlachtaí árachais sách teann sa gciste ó tharla iallach a bheith ar chuile dhuine a bheith páirteach sa scéim.  I mbeagán focal, d’íocfadh táillí na ndaoine folláine agus na ndaoine deisiúla as an tseirbhís dóibh siúd a raibh gearán acu – agus dóibh siúd nach raibh in acmhainn cent ar bith a íoc.  An té nach mbeadh árachas sláinte aige agus é in acmhainn íoc as, chaillfeadh sé buntáistí cánach.  Fíneáil a bheadh ann ar bhealach – tuairim is $700 an duine.  Ach ní mar a shíltear a bhítear.

Níor tháinig an oiread den phobal folláin isteach sa gcóras agus a ceapadh; b’fhearr le cuid acu an ‘fhíneáil’ a íoc ná bacadh leis an árachas.  Ach tháinig  go leor den dream a raibh tinneas ag dul dóibh isteach sa gcóras árachais nua.  Níorbh fhada dá bharr gur ardaigh na táillí.  Dúirt daoine sna Stáit ar labhair Tuairisc.ie leo go bhfuil na táillí árachais méadaithe fá thrí orthu ó tháinig an Affordable Care Act i bhfeidhm. 

Bhain na Poblachtánaigh adhmad as seo uilig le linn fheachtas an Uachtaráin agus feachtais an tSeanaid agus Theach na Comhdhála le gairid.  Anois, tá an crú ar an tairne.  Ach seasann John E. McDonough le prionsabal an Achta, cé go nglacann sé leis gur tharla cora sa scéal nár léir do dhaoine go hiomlán i dtosach.

Ba as Carna i gConamara é athair an Ollaimh, John E. McDonagh, b’in é Josie Joe Phaitsín as an Aird Thiar a chuaigh ar imirce go Meiriceá ina fhear óg.  Chaith John E. McDonough deich mbliana ina fheisire Parlaiminte i Rialtas an Stáit i Massachusetts idir 1985 agus 1997.  Tar éis scaitheamh ina Ollamh in Ollscoil Brandeis ceapadh é ina Phríomhfheidhmeannach ar ‘Health Care for All’, grúpa i Massachusetts a bhí ag iarraidh cothromaíocht sna seirbhísí sláinte agus cóir leighis ar chomhchéim do chuile dhuine, idir shaibhir agus daibhir. B’in idir 2003 agus 2008.  Ba é an Poblachtánach Mitt Romney a bhí ina Ghobharnóir ar Massachusetts san am agus d’éirigh leo a dhul i gcion air.  Glactar leis gurb é John E. McDonough a dhréacht an chuid is mó den Acht ar ghlac Romney agus Parlaimint Mhassachusetts leis.

Ar a theacht i gcumhacht dó, thug Barack Obama suntas don obair a rinneadh i Massachusetts agus bhí an Seanadóir Ted Kennedy ar dhuine de na comhghleacaithe ba láidre a bhí aige sa chúram sin.  Nuair a tosaíodh ag réiteach an Affordable Care Act, thug Kennedy cuireadh do John E. McDonough go Washington le dhul ag obair leis ar an reachtaíocht nua.  Nuair a bhásaigh an Seanadóir Kennedy lean John E. McDonough ar aghaidh mar chomhairleoir don choiste i Washington a bunaíodh chun an reachtaíocht a dhréachtú.

Tá leabhar scríofa ag an Ollamh McDonough faoin bpolasaí agus faoin reachtaíocht sláinte, Inside National Health Reform.  Le scaitheamh anuas tá na meáin agus eagraíochtaí éagsúla ag iarraidh a thuairimí faoi céard atá i ndán anois don Affordable Care Act.  Bhí alt dá chuid san iris Scientific America le gairid.

Coinníonn John E. McDonough teagmháil láidir le pobal dúchais a athar i gConamara agus tá sé ar dhuine de phátrúin Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.  Ach ar an taobh eile den Atlantach, tá sé ag coinneáil súil ghéar ar an dearcadh atá ag Donald Trump ar an bpíosa mór reachtaíochta a bhfuil lorg a láimhe agus a chuid scileanna fágtha ag McDonough go láidir uirthi.

“Níl a fhios againn anois i Meiriceá cén chaoi a séidfidh an ghaoth,” a deir sé linn as Boston. “Ach sílim go mairfidh cuid mhór den Affordable Care Act beo.”

Fág freagra ar 'Fear de bhunadh Chonamara ag seasamh an fhóid d’Obamacare i gcoinne Trump'