Fear as Gaeltacht Dhún na Gall míshásta le hagallamh faoin hómafóibe

Ní mó ná sásta a bhí Antoin Beag Ó Colla le hagallamh a cuireadh air ar an gclár Barrscéalta faoin hómafóibe i nGaeltacht Dhún na nGall

Fear as Gaeltacht Dhún na Gall míshásta le hagallamh faoin hómafóibe

Antoin Beag Ó Colla

Tá cuireadh tugtha d’fhear as Gaeltacht Dhún na nGall filleadh ar Barrscéalta ar RTÉ RnaG i ndiaidh dó a mhíshástacht a chur in iúl faoin tslí a caitheadh leis ar an gclár inné agus agallamh á chur air faoin hómafóibe.

Labhair an scríbhneoir teilifíse Antoin Beag Ó Colla as Machaire Rabhartaigh ar an gclár Tús Áite an tseachtain seo faoin drogall a bheadh air bogadh abhaile go Gaeltacht Dhún na nGall mar gheall ar an homafóibe atá fulaingthe aige sa cheantar. Dúirt sé gur measa an scéal anois ná nuair a bhí sé óg agus gur measa an homafóibe i Machaire Rabhartaigh ná i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Tugadh cuireadh dó ina dhiaidh sin dul ar an gclár Conallach Barrscéalta chun an scéal a phlé agus ní mó ná sásta a bhí sé leis an agallamh.

“Ok, táim díreach i ndiaidh a bheith ar Barrscéalta ar Raidío na Gaeltachta, ag caint ar an drogall a bheadh orm bogadh abhaile agus cuid den chúis an homafóibe a caitheadh liom agus a chaitear liom i gcónaí, ní mó ná sásta atá mé leis an chuma ar caitheadh liom [ar an gclár],” a dúirt sé ar Twitter.

“Nuair a iarradh orm mo chuid tuairimí a thabhairt, thriail an láithreoir mé a stopadh achan uair. Chloígh mise leis an fhírinne, cé gur theastaigh ón láithreoir an méid a tharla dom a chur ó bhailíocht. Ní thuigim cad chuige. Bhí an méid a tharla domsa á chur i gcomparáid le taithí daoine aeracha eile sa cheantar le fáil amach an raibh an méid a tharla domsa fíor.”

Fiafraíodh de le linn an chláir ar ghlac sé leis go raibh “smál caite aige ar a mhuintir féin”.

Nuair a dúirt sé gurb amhlaidh go raibh cuid de mhuintir an cheantair “ignorant” maidir lena meon i leith daoine aeracha, dúirt an láithreoir, Edel Ní Chuireáin, go raibh sin “rud beag tromchúiseach” agus nár thaitin an focal sin léi.

Fiafraíodh chomh maith de ar cheart glacadh leis gur cuid “de nádúr an tsaoil agus nádúr an duine é” go mbíonn daoine áirithe homafóibeach.

“Sin fadhb atá acusan. Níl mise ag iarraidh a bheith thart air sin, níl mise ag iarraidh é sin a chur isteach ar an saol s’agamsa. Tá mise ag iarraidh a bheith a chónaí sa bhaile, rud s’agam fhéin a dhéanamh, a bheith mar pháirt den phobal agus sílimse go mbeadh deacrachtaí ann sin a dhéanamh mar fhear aerach suas sa bhaile,” a dúirt Ó Colla.

Dúirt an láithreoir go raibh go leor tacaíochta á léiriú dó ag éisteoirí an chláir agus léadh amach cuid de na teachtaireachtaí sin.

I ráiteas a chuir Barrcéalta amach ar Twitter tráthnóna inné, dúradh go raibh sé tábhachtach don chlár agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta “go mbraitheann daoine a thagann ar an chlár go gcaitear go cuí agus go cóir leo” agus go raibh cuireadh á thabhairt ar Ó Colla teacht ar ais inniu chun an t-agallamh a phlé.

Beidh an t-agallamh sin á chraoladh ar Barrscéalta inniu.

Deir Antoin Beag Ó Colla go raibh air cur suas leis an homafóibe ó mhionlach beag i nGaeltacht Dhún na nGall go minic ó bhí sé ina dhéagóir.

Dúirt sé ar Twitter gur tharla sé dó gur ghlaoigh strainséirí air le rá leis lámh a chur ina bhás féin agus go mbítear ag piocadh air agus ag tabhairt ainmneacha air. Gnáthrudaí iad seo a chaitheann an pobal LGBTQ a chur suas leo, a dúirt sé.

Léirigh roinnt mhaith daoine ar na meáin shóisialta tacaíocht d’Antoin Beag Ó Colla agus iad míshásta leis an agallamh a cuireadh air.

Fág freagra ar 'Fear as Gaeltacht Dhún na Gall míshásta le hagallamh faoin hómafóibe'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Molaim an t-alt seo agus an fhear seo as labhairt amach. Súil eile ar ‘saol na Gaeltachta’…