Fear agus bean gafa mar chuid d’fhiosrúchán faoi phléasc an Chraoslaigh

Gabhadh ar maidin beirt a bhfuil cúiseanna á gcur ina leith a bhaineann le sárú a dhéanamh ar an Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997

Fear agus bean gafa mar chuid d’fhiosrúchán faoi phléasc an Chraoslaigh

Tá beirt gafa ag na Gardaí i dtaca leis an bhfiosrúchán atá ar siúl faoin bpléasc thubaisteach inar maraíodh deichniúr ar an Chraoslach i nGaeltacht Dhún na nGall in 2022.

Dúirt na Gardaí gur gabhadh fear agus bean, atá beirt sna daichidí, agus go bhfuil duine acu á choinneáil i stáisiún gardaí amháin i nDún na nGall agus an duine eile á choinneáil i stáisiún eile sa chontae.

Gabhadh ar maidin an bheirt a bhfuil cúiseanna á gcur ina leith a bhaineann le sárú a dhéanamh ar an Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997.

Tá an fiosrúchán faoin bpléasc á riar ó stáisiún Gardaí Bhaile na nGallógach agus gardaí an cheantair ag obair in éineacht le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais.

Deichniúr a maraíodh sa phléasc a  tharla ag stáisiún peitril agus bloc árasán ar imeall an bhaile  i nDún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair 2022. Ba iad an deichniúr a maraíodh: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

Fág freagra ar 'Fear agus bean gafa mar chuid d’fhiosrúchán faoi phléasc an Chraoslaigh'