Feachtas eolais seolta faoin lántoil i gcaidreamh gnéis  

Deir an tIonad Éigeandála um Éigniú go bhfuil sé riachtanach go dtuigfeadh gach duine i gcaidreamh gnéis gur fúthusan cinneadh a dhéanamh faoina dtarlaíonn

Feachtas eolais seolta faoin lántoil i gcaidreamh gnéis  

Chuir Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath tús inniu le feachtas eolais faoina riachtanaí atá sé gur le lántoil na bpáirtithe uile a tharlaíonn gach rud i gcaidreamh gnéis.

Míníonn an tIonad Éigeandála um Éigniú go bhfuil sé riachtanach go dtuigfeadh gach duine sa gcaidreamh gur fúthusan cinneadh a dhéanamh faoina dtarlaíonn eatarthu agus gur leosan amháin an cead sin a thabhairt nó a dhiúltú. Níl féidir le duine faoi aois ná faoi bhrú ná faitíos toiliú.

Mar threoir do dhaoine is í a gcomhairle gur chóir éirí as aon ghníomh má deir duine leat é nó má bhíonn an páirtí eile ag iarraidh imeacht uait. Éigniú is ea gnéas le duine atá faoi aois, ina chodladh, ar meisce nó as a chiall le drugaí nó eile.

Má bhraitear aon mhífhonn ar an duine eile, ní mór ceist a chur agus éirí as láithreach más sin a mian. Ní mór stopadh má thiteann an duine eile ina chodladh, agus ní ceart riamh aon ghníomh a thosú má tá duine ina chodladh, ar meisce nó leagtha amach ag drugaí.

Seacht mbliana déag an aois toilithe chun gnéis sa tír seo agus 16 atá i dTuaisceart Éireann. Is coir sa tír seo gnéas a bheith ag aon duine le duine faoi 17 bliain. Sa gcás go bhfuil údarás ag duine amháin ar an duine eile is coir caidreamh gnéis a bheith ag an té sin le duine atá faoi 18 bliain.

Deir an tIonad Éigeandála um Éigniú go bhfuil sé fíorthábhachtach nach nglacfadh duine leis go bhfuil cead intuigthe de bharr caidreamh seasta a bheith idir na daoine atá i gceist.

Faoin Acht Um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2017, tugadh isteach cosaint ar leith do dhéagóirí idir 15 agus 17 bliain a mbíonn caidreamh gnéis acu lena chéile le lántoil chomh fada agus nach mbíonn níos mó ná dhá bhliain eatarthu in aois.

Sa reachtaíocht ar phornagrafaíocht leanaí, is féidir an dlí a chur ar aon duine a chruthaíonn agus a roinneann físeáin phearsanta de dhaoine faoi 18, bíodh cead tugtha nó ná bíodh.

An aidhm atá leis an bhfeachtas is déanaí seo ag an Ionad Éigeandála um Éigniú a chur ar a súile do gach uile dhuine nach ndéanfaidh an oscailteacht seo faoi thoiliú aon dochar don chaidreamh ach gur cuid bunúsach nádúrtha é d’aon chaidreamh folláin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Ionaid Noeline Blackwell go gcuideodh an tuiscint ar an toiliú leis an bhforéigean gnéis a laghdú agus sochaí níos folláine a chruthú.

“Tá tuilleadh le foghlaim againn uilig faoin toiliú agus le go n-éireodh leis an bhfeachtas eolais seo caithfimid ar fad glacadh leis ar mhaithe le hathrú bunúsach a dhéanamh inár sochaí – ní don chead ghlúin eile ach láithreach bonn,” a dúirt Blackwell.

Gach eolas ag  we-consent.ie

Fág freagra ar 'Feachtas eolais seolta faoin lántoil i gcaidreamh gnéis  '

  • Seanán Ó Coistín

    Ní hionann gnéas agus comhriachtain.

    Is éard atá i ngnéas ná an bhfuil duine baineann nó fireann.

    Caidreamh collaí nó comhriachtain an ghníomhaíocht a dhéanann bean agus fear le chéile lena mbaill ghnéasacha.