Fás ‘láidir’ ar an ngeilleagar á thuar ag an ESRI

Is iad an cúlú follasach ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe agus an róbhorradh ag baile an dá chontúirt is mó don fhás eacnamaíochta, a mhaítear

Fás ‘láidir’ ar an ngeilleagar á thuar ag an ESRI

An tOllamh Kieran McQuinn

Tá fás ‘láidir’ ar an ngeilleagar á thuar ag an ESRI don bhliain seo chugainn.

De réir na tuarascála ráithe is déanaí ón institiúid taighde eacnamaíochta agus sóisialta fás 5% a bheidh i gceist ar an olltáirgeacht intíre (GDP) do 2017 agus fás 4.2% a bheidh ann an bhliain seo chugainn.

Deirtear go bhfuil an fás seo bunaithe i gcónaí ar fhoinsí intíre agus táthar ag tuar go leanfar leis an bhfás ar an méid airgid atá á chaitheamh ag teaghlaigh.

Táthar ag tuar chomh maith go dtiocfaidh fás láidir ar an margadh saothair agus gur 6.2% an ráta dífhiostaíochta a bheidh ann ar an meán in 2017 agus gur 5.4% a bheidh ann in 2018. Táthar ag tuar farasbarr rialtais níos fearr ann in 2018 ná mar a bhíothas a thuar roimhe seo de bharr teacht isteach ó cháin a bheith níos mó agus de bharr caiteachas nach ndearnadh.

Deirtear go leanfaidh an borradh faoi chúrsaí infheistíochta agus tógála ar aghaidh in 2018 agus go mbeidh na rátaí dífhostaíochta mórán mar a bhí siad sular bhuail an ghéarchéim eacnamaíochta an tír. Dúirt duine d’údair na tuarascála nua de chuid an ESRI, an tOllamh Kieran McQuinn gurb iad an dá chontúirt is mó don fhás eacnamaíochta sa tréimhse amach romhainn ná an cúlú follasach ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe agus an róbhorradh ag baile.

Fág freagra ar 'Fás ‘láidir’ ar an ngeilleagar á thuar ag an ESRI'