Ráta scaipthe an víris ag fás go fóill i bhformhór na gceantar Gaeltachta

Cé gur thit líon na gcásanna i gConamara le seachtain, ardú a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta eile, Corca Dhuibhne ina measc

Ráta scaipthe an víris ag fás go fóill i bhformhór na gceantar Gaeltachta

Tá líon na gcásanna nua den Covid-19 fós ag dul i méid i bhformhór na gceantar Gaeltachta, de réir na bhfigiúirí is deireanaí. Ardú a bhí i gceist i gceantair i nDún na nGall, Ciarraí, Port Láirge, Maigh Eo agus contae na Mí.

Is i nDún na nGall go fóill atá na rátaí is airde sa tír. Don séú seachtain as a chéile, is é Carn Domhnach an toghcheantar is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19 sa stát. Ráta 2,694 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar a bhí i gceist le coicís anuas i gCarn Domhnach agus tá rátaí arda i gceist le toghcheantair Ghaeltachta Thír Chonaill freisin.

Ráta 864 a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach idir an 10-23 Lúnasa agus 119 cás nua deimhnithe ann le linn na tréimhse sin. 

Aimsíodh 181 cás nua den víreas i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. D’fhág sin gur ardaigh an ráta Covid-19 sa cheantar ó 518 go dtí 757 le seachtain anuas.

I ndeisceart an chontae, d’imigh an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall ó 581 go dtí 784 agus 197 cás nua deimhnithe ann idir an 10-23 Lúnasa.

I gCiarraí, tá ráta scaipthe an víris anois níos airde ná an meánráta náisiúnta sa dá thoghcheantar Gaeltachta sa chontae.

I gCorca Dhuibhne, deimhníodh 80 cás nua le coicís anuas agus an ráta scaipthe imithe suas ó 360 ag tús na míosa seo go dtí 564 anois. Tá an ráta níos airde fós i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ráta 662 atá i gceist ann anois, ardú 80% ón tseachtain seo caite. Aimsíodh 166 cás nua sa cheantar idir an 10-23 Lúnasa.

Tá ráta scaipthe an víris fós ag dul i méid i gceantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. Ráta 712 atá sa toghcheantar agus 146 cás nua deimhnithe ansin. Ráta 293 a bhí sa cheantar sin ag tús na míosa.

Tá an ráta tite i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha i gCorcaigh, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Ráta 337 a bhí i gceist sa cheantar an tseachtain seo caite ach tá sin tite anois go dtí 290 agus 107 cás ar fad deimhnithe ann le coicís anuas.

Tá an ráta tite i gConamara Theas freisin ó 455 go dtí 370, titim beagnach 20%. 79 cás a deimhníodh i gConamara Theas idir an 10-23 Lúnasa. Thit an ráta freisin i gConamara Thuaidh ó 622 go dtí 465. 80 cás a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas.

I Maigh Eo, bhí laghdú beag ar líon na gcásanna nua i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. 123 cás nua a bhí sa cheantar, rud a d’fhág gur thit an ráta scaipthe ó 833 go dtí 669. Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead, áfach, agus an ráta imithe suas ó 191 go dtí 279 le seachtain anuas.

I gcontae na Mí, chuaigh an ráta suas i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 305 go dtí 330. 103 cás a deimhníodh ansin idir an 10-23 Lúnasa.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, thit an ráta ó 426 go dtí 420 agus 136 cás nua aimsithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe an víris ag fás go fóill i bhformhór na gceantar Gaeltachta'