Faoiseamh ón tréimhse fhuar á thuar

Ní bheidh an oíche anocht chomh fuar céanna is a bhí oícheanta eile le seachtain agus idir -3C agus +2C is ísle a bheidh an teocht

Faoiseamh ón tréimhse fhuar á thuar

Cé go mbeidh sé fós fuar agus an deireadh seachtaine ina thús éireoidh sé níos teo ina dhiaidh sin. Beidh Dé Domhnaigh fliuch agus gaofar ach éireoidh an aimsir níos fionnuaire agus níos socra i dtús na seachtaine seo chugainn.

Tá an chuma air faoi láthair go bhfuaróidh sé arís amach sa tseachtain.

Maidin bhreá gréine a bheidh againn inniu nuair a ghlanfaidh na paistí ceo seaca de réir a chéile.

Tá rabhadh oráiste i bhfeidhm go dtí meánlae ag Met Éireann  i dtrí chúige – Laighin, Connachta agus Mumhain – chomh maith le contaetha an Chabháin agus Mhuineacháin.

Beidh corrchith san iarthuaisceart ar maidin ach beidh ceathanna níos forleithne tráthnóna agus iad trom go maith in áiteanna.

Tá seans beag ann go mbeidh corrchith éadrom clocha sneachta agus corr-ráig tintrí anseo agus ansiúd le cósta an iarthuaiscirt amach sa lá.

Ceathanna báistí a bheidh ann den chuid is mó agus d’fhéadfadh go n-éireodh na ceathanna sin níos geimhriúla amach sa tráthnóna. Seans go mbeidh sé ag cur sneachta i gCúige Uladh. Idir 0-4C a bheidh an teocht tráthnóna agus é beagáinín níos séimhe ná sin le cósta. Idir ghaoth éadrom agus ghaoth mheasartha a bheidh ann.

Ní bheidh an oíche anocht chomh fuar céanna is a bhí oícheanta eile le seachtain agus idir -3C agus +2C is ísle a bheidh an teocht. Oirthear na tíre is fuaire a bheidh. Beidh báisteach cheathach agus flichshneachta san iarthar ar dtús agus in áiteanna eile chomh maith níos déanaí.

Leanfaidh an bháisteach agus an flichshneachta maidin amárach, Dé Sathairn, ach i gcontaetha cois cósta amháin a bheidh siad faoi thráthnóna, tráth a mbeidh tréimhsí gréine againn. I dtuaisceart na tíre is fuaire a bheidh agus an teocht is airde ansin idir 1-3C, idir 4-8C a bheidh sa deisceart agus gaoth éadrom aneas ann.

Ag tús na hoíche is fuaire a bheidh oíche Shathairn agus -1C an teocht is ísle a bheidh sa tuaisceart. 2C os cionn an reophointe is fuaire a bheidh sé sa deisceart. Níos déanaí san oíche beidh sé níos boige le mar a scaipfidh an fhearthainn léi aníos ón deisceart. Nuair a bhuailfidh an fhearthainn sin le haer fuar an tuaiscirt d’fheadfadh sí titim mar fhlichshneachta sa gcuid ó thuaidh agus d’fhéadfadh sé a bheith ina shneachta ar thalamh ard ar feadh tamaill. Beidh sé gaofar agus neartóidh an ghaoth anoir aneas trasna na tíre.

Maidin Dé Domhnaigh beidh flichshneachta agus báisteach throm againn agus sneachta ar thalamh crochta.

San iarnóin corrmhúr a bheidh chugainn aneas agus beidh an aimsir i bhfad níos cineálta. Táthar ag tuar go mbeidh an teocht sa tuaisceart idir 4 agus 8 san iarnóin Dé Domhnaigh agus é idir 10 agus 13 céim sa taobh ó dheas den tír. Le mar a athróidh an ghaoth anoir aneas ó dheas, tabharfaidh sí boige is teas chugainn a scaipfidh ó thuaidh de réir a chéile.

Oíche dheas bhog a bheidh againn san oíche Dé Domhnaigh cé go bhfeadfadh corrmhúr a bheith ann. Beidh an teocht idir 8 agus 12 céim agus gaoth mheasartha chugainn aneas.

Maidin bhog bhraonach scamallach atá romhainn Dé Luain agus cé go mbeidh corrthamall gréine againn, beidh corrchith ag déanamh a mbealach aniar ón Atlantach freisin. Tráthnóna Dé Luain beidh an teocht idir 7 gcéim san iarthuaisceart agus 12 céim san iardheisceart agus leoithne bhog aniar aneas ann.

Fág freagra ar 'Faoiseamh ón tréimhse fhuar á thuar'