‘Faoiseamh’ do mhuintir Luimnigh é go bhfuil siad in ann filleadh ar Pháirc an Chrócaigh chun an tsárfhoireann seo a fheiceáil

Deir Mark Foley go raibh imní ar lucht tacaíochta Luimnigh le cúpla bliain anuas go bhfágfadh an phaindéim nach mbeidís in ann freastal ar chluichí ceann de na foirne is fearr riamh

‘Faoiseamh’ do mhuintir Luimnigh é go bhfuil siad in ann filleadh ar Pháirc an Chrócaigh chun an tsárfhoireann seo a fheiceáil

Lucht tacaíochta Luimnigh. Pic INPHO/James Crombie

Ní hé go gceapfá go mbeadh muintir Luimnigh tinn de bheith ag breathnú ar iománaithe an chontae ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann ach thuigfeá dóibh mura mbeadh an dúil chéanna ag chuile dhuine an turas suas go Páirc an Chrócaigh a dhéanamh. 

Ní mar sin atá sé, áfach, agus cúis mhaith leis. Cé go bhfuil foireann seo Luimnigh ar cheann de na cinn is fearr riamh, ní bhfuair go leor daoine i Luimneach an deis í a fheiceáil i mbarr a réime. 

D’fhág an phaindéim nach raibh cead isteach ag duine ar bith go dtí na cluichí in 2020 nuair a bhuaigh Luimneach Craobh na hÉireann agus ní raibh Páirc an Chrócaigh ach leathlán anuraidh nuair a thug foireann John Kiely ceann de na taispeántais is cumasaí riamh i gcluiche ceannais agus greadadh ceart á thabhairt acu do Chorcaigh. 

Deir iariománaí Luimnigh Mark Foley gur “faoiseamh” dóibh sa chontae go bhfuil an tsárfhoireann fós san iomaíocht do chraobhacha na hÉireann agus cead ag na sluaite filleadh ar na cluichí faoi dheireadh. 

“Tá na daoine anseo lánsásta go bhfuil seans againn dul chuig na cluichí seo mar bhí imní ann cúpla bliain ó shin, níl aon dabht faoi sin,” a deir sé. “Chuir sé isteach ar dhaoine gan ach leathshlua a bheith ann anuraidh agus ní raibh éinne ann an bhliain roimhe sin. 

“Beidh slua mór ó Luimneach i bPáirc an Chrócaigh agus beidh atmaisféar iontach, spreagúil ann.” 

Pic: INPHO/James Crombie

Tá amhras ann an bhfeicfidh na Luimnígh an fhoireann i mbarr a réime, áfach. Níor bhuaigh aon duine ar fhoireann John Kiely go dtí seo sa tsraith ach is le beagáinín níos mó dua atáthar ag buachan cluichí i mbliana. Thug Gaillimh dúshlán ollmhór dóibh sa chluiche leathcheannais agus deir Foley go mbeidh feabhas ag teastáil chun Cill Chainnigh a bhualadh. 

“Ní raibh siad i mbarr a maitheasa go dtí seo agus caithfidh siad feabhsú sa chluiche ceannais, i mo thuairimse. Má fhaigheann Cill Chainnigh an seans a fuair Gaillimh sa chluiche leathcheannais, tá mé lánchinnte go mbuafaidh siad mar tá tosaithe den scoth acu agus ní chuirfeadh siad na seansanna amú a chuir Gaillimh. 

Is sa líne leatosaithe agus i lár na páirce a theastaíonn an feabhas is mó, a deir Foley. Baineadh Tom Morrissey, Gearóid Hegarty agus Darragh O’Donovan den pháirc in aghaidh na Gaillimhe. Tá sé éasca go leor údar na faidhbe a aithint, dar leis, áfach. 

“Ní dóigh liom gurb í an fhoireann chéanna í Luimneach nuair nach mbíonn Cian Lynch, agus Peter Casey freisin, ar an bpáirc. Sin an difríocht is mó le foireann na bliana seo i gcomparáid le cad a tharla anuraidh nó an bhliain roimhe.” 

Tháinig Lynch chun páirce den chéad uair le roinnt seachtainí sa dara leath in aghaidh na Gaillimhe ach deir Foley gur léir nach raibh sé tagtha chuige féin go hiomlán. Tá an scéal á scaipeadh anois gur bhain gortú eile dó ag an deireadh seachtaine. 

Cian Lynch. Pic: INPHO/Morgan Treacy

Má bhíonn Lynch in ann dul chun páirce in aon chor, b’fhiú dul sa seans air, a deir Foley. 

“Dá mbeadh an cinneadh le déanamh agamsa, chuirfinn ar an bpáirc é ó thús an chluiche. Feiceann sé rudaí nach bhfeiceann imreoirí eile. Tá sé an-tapa chun pasanna cliste a thabhairt agus aimsíonn sé spás. Tá an cheannasaíocht aige chomh maith agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach, go háirithe nuair a bhíonn Luimneach i dtrioblóid. In aghaidh na Gaillimhe, nuair a bhí Tom Morrissey agus Hegarty ag streachailt, ní raibh Cian ann chun lámh chúnta a thabhairt dóibh.” 

Kyle Hayes a bhí mar leatosach láir d’uireasa Lynch, ach cosúil le foireann Luimnigh uile, ní raibh sé i mbarr a mhaitheasa i mbliana. Ba mhaith le Foley é a fheiceáil ar an gcliathán arís. 

“Tá níos mó saoirse aige ansin agus tá sé in ann dul suas agus síos an pháirc leis an luas agus an aclaíocht atá aige. Cuireann sé luas sa chosaint agus b’fhéidir go bhfuil easpa luais ansin i láthair na huaire,” a deir Foley faoi Hayes 

“Nuair a bhíonn sé ar an gcliathán agus nuair a bhíonn Cian Lynch agus Peter Casey, atá thar a bheith tábhachtach freisin, ar an bpáirc, bíonn Luimneach seacht nó ocht bpointe níos fearr ná mar a chonaiceamar i mbliana.” 

D’fhéadfadh go mbeadh spás ar an gcliathán do Hayes agus caint ann go mbeidh Dan Morrissey á chur siar ar imeall na cearnóige chun súil a choinneáil ar Walter Walsh, más ann a bhíonn fear mór Chill Chainnigh. 

Ní dhéanfaidh sé aon imní do Foley má choinnítear Mike Casey mar lánchúlaí, áfach. Chaill fear na bPiarsach amach ar chluichí ceannais 2020 agus 2021 de bharr gortuithe ach deir Foley gur éirigh go han-mhaith leis ó d’fhill sé agus go ndearna sé sárjab ar fhear mór eile, Johnny Glynn na Gaillimhe, i gcluiche ceannais 2018. 

Deir Foley go dteastóidh an taispeántas is fearr i mbliana chun na Cait a chloí Dé Domhnaigh ach tá sé muiníneach go bhfeicfear sin. 

Fág freagra ar '‘Faoiseamh’ do mhuintir Luimnigh é go bhfuil siad in ann filleadh ar Pháirc an Chrócaigh chun an tsárfhoireann seo a fheiceáil'

  • JP

    Sea, feiceann Cian an cóngar chun an bháire i gcónaí ach
    (a) cén mhaith é iománaí na leathchoise?
    agus
    (b) brisfidh an dúchas trí chúlaibh na gCat!