Fanacht ‘roinnt blianta’ eile ar eolas faoi na cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil i nGaeilge – Aire

Tá sé ina sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach tá amhras mór léirithe faoi fhiúntas na sprice sin mar gheall ar a laghad cúrsaí i nGaeilge atá ann

Fanacht ‘roinnt blianta’ eile ar eolas faoi na cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil i nGaeilge – Aire

D’fhéadfadh go mbeadh “roinnt blianta” ann sula mbeidh sonraí “níos cuimsithí” ag na húdaráis oideachais faoin soláthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge.

Tá an gá le tuilleadh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge chun sprioc earcaíochta 20% na reachtaíochta teanga luaite go minic ag polaiteoirí agus eagraíochtaí eile le cúig bliana anuas.

Tá sé ina sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach tá amhras mór léirithe faoi fhiúntas na sprice sin mar gheall ar a laghad cúrsaí i nGaeilge atá ann. Údar mór eile amhrais le tamall is ea teip na n-údarás oideachais eolas a chur ar fáil faoi líon na gcúrsaí tríú leibhéal atá ann agus líon agus cineál na gcúrsaí nua trí Ghaeilge a theastóidh chun na folúntais a bheidh ann sa tseirbhís phoiblí amach anseo a líonadh.

Agus ceist Dála á freagairt aige an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Breisoideachais James Lawless go raibh an tÚdarás um Ardoideachas i mbun plé le hOllscoil na Gaillimhe faoi thús a chur le taighde faoi líon agus cineál na gcúrsaí tríú leibhéal atá á múineadh trí Ghaeilge faoi láthair. D’fhéadfadh go ndíreodh an taighde freisin ar an ”éileamh féideartha” a beadh “ar sholáthar méadaithe [cúrsaí trí Ghaeilge] amach anseo”.

Dúirt an tAire go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Údarás um Ardoideachas ar an gcóras faoina gcoimeádann siad sonraí maidir le líon na mac léinn a bhíonn ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal éagsúla.

Dúirt an tAire go raibh an tÚdarás “ag féachaint an bhféadfaí réimse a chur san áireamh [san athbhreithniú] chun sonraí níos cuimsithí a bhailiú maidir le cúrsaí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt sé gur cuireadh tús leis an athbhreithniú ag deireadh 2024 agus go leanfaí leis “ar feadh roinnt blianta.”

Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh nach raibh aon teagmháil déanta ag an Roinn Ardoideachais leis an Údarás um Ard-Oideachas ná leis na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le cur le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge chun mórsprioc an achta teanga a bhaint amach.

Tugadh le fios i gcáipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh go raibh 59 cúrsa á gcur ar fáil ag institiúidí ardoideachais in 2021/22 a bhí á dteagasc go hiomlán nó i bpáirt trí Ghaeilge. Bhí cúrsaí ina raibh daltaí in ann an Ghaeilge a roghnú mar ábhar agus na cúrsaí oiliúna d’ábhar oidí san áireamh ansin. 1,779 mac léinn a bhí i mbun staidéir ar na cúrsaí sin ag an am.

Mhaígh an tÚdarás um Ard-Oideachas nach raibh aon bhealach ann le hidirdhealú a dhéanamh idir cúrsaí a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge agus cúrsaí ina raibh an Ghaeilge á teagasc mar ábhar.

D’fhógair Roinn na Gaeltachta in 2023 go raibh athbhreithniú le déanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge. Bunaíodh an scéim chun cainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach ach tá sé anois i gceist í a leasú le go mbeadh sí dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn de thoradh na reachtaíochta teanga leasaithe.

Mhol an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill in 2022 go mbunófaí clár náisiúnta dianoiliúna nua chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine sa tseirbhís phoiblí amach anseo a bheidh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Fanacht ‘roinnt blianta’ eile ar eolas faoi na cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil i nGaeilge – Aire'

  • An Sléibhteoir

    Ní thuigim cén fáth go bhfuil an Roinn i dteagmháil le hOllscoil na Gaillimhe chun conradh taighde a choimisiúnú.

    Má tá eolas ón Roinn maidir le líon agus cinéal na gcúrsaí, ná féidir le duine éigin sa Roinn na prospectuis ollscoileanna a léamh? Glaoch a chur ar an ollscoil má tá eolas sa bhreis uathu?

  • Damhsóir

    Beidh ‘súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh’ orainn agus sinn ag fanúint.

  • Dalta Ardteiste

    Nach mór an náire é go bhfuil duine mar mise, atá ag cur isteach ar mo chúrsa trí Ghaeilge, ag tabhairt faoi deara nach bhfuil mórán deiseanna ar chor ar bith ann! Cé go bhfuil thart ar 200 Gaelscoil sa tír, níl ach coláiste amháin sa Deisceart a chuireann oiliúint múinteoireachta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl aon chóras oiliúna sa leigheas trí Ghaeilge, ainneoin go bhfuil sé de cheart ag daoine a dteanga féin a úsáid san earnáil sin faoi láthair. Tá daoine ann a bheadh thar a bheith sásta an post sin a dhéanamh, agus an oiliúint chuí a fháil – ach níl an deis ar fáil dóibh. Tá sé thar am don athrú, dar liom.