Fáilte sa Tuaisceart roimh an bPápa ach déanfar tástáil ar an aicme pholaitiúil aontachtach

Ní hiad na Caitlicigh amháin a mheasann gur chéim thábhachtach a bheadh ann dá dtabharfadh an Pápa Proinsias cuairt ar Thuaisceart Éireann

Fáilte sa Tuaisceart roimh an bPápa ach déanfar tástáil ar an aicme pholaitiúil aontachtach

Onóir mhór do Chaitlicigh Thuaisceart Éireann a bheadh i gcuairt an Phápa Proinsias gan dabht. Chomh luath is a dearbhaíodh go mbeadh sé in Éirinn in 2018 tosaíodh ag éileamh go tréan go dtiocfadh sé aneas. Fiú agus an eaglais Chaitliceach sa tír seo, thuaidh agus theas, i bhfad níos laige ná mar a bhí sna seachtóidí ba bhreá leis na mílte dá lucht leanúna sa tuaisceart an Pápa Proinsias a fheiceáil taobh thuaidh den teorainn.

Tá siad ar bís chun a bheith ina láthair. Ní hiad na Caitlicigh amháin a mheasann gur chéim thábhachtach a bheadh ann ar iliomad cúiseanna, ina measc gur bailchríoch é ar obair a cuireadh as a riocht i 1979.

Ní frithChaitliceachas ná seicteachas traidisiúnta ba chionsiocair leis an gcuairt ar Ard Mhacha, a bhí pleanáilte ag an bPapa Eoin Pól i 1979, a chur ar ceal ach foréigean an IRA. Bhíothas ar tí na socruithe don chuairt sin a fhógairt nuair a rinne an tIRA sléacht le hionsaithe i gContae Shligigh agus i gContae an Dúin a mharaigh beirt is fiche. Ar an 27 Lúnasa mharaigh an tIRA an Tiarna Mountbatten, beirt ghasúr agus bean i bpléasc ar an Mullach Mór agus an lá céanna, in aice leis an bPointe ar Loch Cairlinne mharaigh dhá phléasc 18 saighdiúir de chuid Arm na Breataine.

Chothaigh na hionsaithe oiread scéine agus guagachta gur cinneadh nach bhféadfadh an Pápa taisteal aneas. Chuirfeadh cuairt dílseoirí le báiní agus ghríosódh sé lucht agóide frithChaitliceach. Airíodh go mbeadh an baol círéibe nó ionsaithe chomh mór sin nárbh fhéidir a dhul sa seans. Eagraíodh ócáid eile faoi dheifir i gContae Lú mar a ndearna an Pápa a achainí cháiliúil ar lucht an fhoréigin éirí as.

Comhartha sóirt den dul chun cinn atá déanta ó thuaidh é nach bhfuil d’údar imní faoi chuairt ón bPapa Proinsias ar chathair eaglasta Ard Mhacha nó ar Bhéal Feirste in 2018 ach ceist faoin údarás a bheadh i gceannas ar na socruithe. Dá ndéanfadh an Commonwealth Office na socruithe, d’fháilteodh Stormont roimhe agus bheadh na polaiteoirí aontachtacha sásta. Is éard is brí leis sin gur mar cheannaire ar stát na Vatacáine a thiocfadh sé seachas mar cheannaire na hEaglaise Caitlicí.

Bhí ceannairí eaglasta níos oscailte, agus atmaisféar nua le brath. An lá sular fógraíodh go dearfach go raibh an Pápa ag teacht go hÉirinn d’agair an t-iarMhodhnóir Preispitéireach, an tUrramach John Dunlop, ar gach éinne fáiltiú roimh Phroinsias agus a shaothar, The Joy of the Gospel a léamh.

Bhuailfeadh Arlene Foster, an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP leis an bPápa, dar le hurlabhraí dá cuid. Ba chosúil go raibh sí toilteanach bualadh le ceannaire na Vatacáine thairis ceannaire na hEaglaise Caitlicí. Cé go raibh débhrí áirithe ag baint leis, ba dhul chun cinn é. Chaith ceannaire bunaidh an DUP, Ian Paisley, a shaol ag glaoch an tAinchríost, striapach na Babalóine agus a leithéid ar Phápaí. Dá réir, is athrú suntasach é cur chuige Foster fiú más gortach féin é.

Cé is moite de na mioncheisteanna prótacail, amhail freagracht d’Oifig an Chomhlachais as na socruithe oifigiúla, ní léir go mbeadh an doicheall ba dual dóibh ag an DUP roimh an gcuairt.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil gach ball den pháirtí ríméadach. Tá frithChaitliceachas fós le brath san DUP agus san Eaglais Shaor Phreispitéireach a chaith blianta ag léirsiú in aghaidh éacúiméineachas d’aon sórt. Gach seans go ndéanfaidh roinnt dreamanna agóid, agus, ar ndóigh, beidh dianslándáil riachtanach mar a bheadh in áit ar bith.

Leag ardeaspag Ard Mhacha, an Dochtúir Éamonn Martin, béim ar an tábhacht shiombalach a bhainfeadh leis an gcuairt. I ndiaidh thuras na Banríona Eilís ar Éirinn agus cuairt stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar an mBreatain, cuirfidh cuairt an Phápa an dlaoi mhullaigh ar an athrú saoil abhus, dar leis.

Tuar dóchais é do dhaoine seachas Caitlicigh ach tástáil a bheas ann chomh maith.

Déanfar promhadh ar an aicme pholaitiúil aontachtach go speisialta, féachaint an léireoidh siad meas ar reiligiún agus ar thraidisiún an taoibh eile. Slat tomhais a bheidh ann ar an méid athmhuintearais atá bainte amach.

Fág freagra ar 'Fáilte sa Tuaisceart roimh an bPápa ach déanfar tástáil ar an aicme pholaitiúil aontachtach'