Fáilte go dtí ireland.ie, ‘where words mostly matter’…fad is nach i nGaeilge iad

Aon duine a léifidh ireland.ie i nGaeilge agus a thuigfidh é, ba cheart bonn óir a bhronnadh air agus é a fhógairt trítheangach

Fáilte go dtí ireland.ie, ‘where words mostly matter’…fad is nach i nGaeilge iad

Tá daoine ann a gcuireann eolas poiblí nach mbíonn fáil air ach i mBéarla ó chodladh na hoíche iad.

Bhínn féin amhlaidh tráth, thug an díocas díchéillí sin chun cúirte mé geábh. Spréachta féin a bhínn le mo lucht aitheantais agus gaoil a líonadh an leagan Béarla d’fhoirm an daonáirimh, iarratas ar dheontas bólachta, cárta leighis, cáin nó árachas an chairr agus a leithéidí.

Is maith tobann a chuirfinn galar na leisce ina leith dá luafaidís a chrochta agus a chasta a bhí an Ghaeilge oifigiúil sin. Nach raibh an teanga sin againne, teanga na mbard agus na héigse, in ann ag chuile ghábh?

Feachtas Stádas na Gaeilge san AE, postanna aistriúcháin in oifigí an Aontais Eorpaigh, ateangairí agus cúrsaí tríú leibhéal a mbíonn postanna oiliúna le fáil leo – spreagadh a bhíodh iontu ar fad le cainteoirí dúchais Gaeilge óga a mhealladh lena mbeatha a shaothrú ar a dteanga féin. Níor mheall an chaint sin uilig mo Ghaeilgeoirí breátha foghlamtha leis an leagan Gaeilge de na bileoga eolais a léamh ná an fhoirm Ghaeilge a líonadh.

Le gairid thug mo ghnaithí ar shuíomh GLAS mé. Scéim talmhaíochta agus comhshaoil í seo ar cuid í de Chlár Forbartha na Tuaithe agus a bhfuil cuid mhaith cainte fúithi faoi láthair. Gach uile phioc den eolas le fáil i mBéarla faoin scéim, ach brúigh cnaipe na Gaeilge agus gheobhaidh tú an ráiteas misin agus eolas faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge! Más fút a fháil amach an bhfuil aon airgead le cailleadh agat má loisceadh do choimín, téigh go dtí an leagan Béarla nó léigh faoi na haidhmeanna iontacha atá ag do rialtas leis an nGaeilge a shlánú, eolas nach n-inseoidh tada duit faoi do sheic cúitimh as an each luachra agus an ceannabhán a shábháil don chéad ghlúin eile.

Straitéis, cleas, ciúta – seachas an t-eolas a bhí uaim.

Mar a léirigh taighde Sheosaimh Mhic Dhonnacha do TG4 ar 7Lá na seachtaine seo, níl sa straitéis chéanna ach gal soip nó b’fhéidir tine ghealáin a bhíonn le feiceáil sna Forbacha agus i dTithe an Oireachtais Seachtain na Gaeilge.

Loscadh is múchadh i ndea-Ghaeilge a guíodh ar an straitéis gan iarraidh ar shuíomh GLAS d’ainneoin an ráitis seo:Tá an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil chomh fada agus is féidir dár gcustaiméirí’. Is léir nach bhfuil ‘chomh fada agus is féidir’ sách fada.

Tharla ina dhiaidh sin mé ag póirseáil liom ar shuíomh ireland.ie nó mar a deir siad féin agus iad lán mórtais ‘Éire. Anseo a bhfuil cónaí orainn’, suíomh a fuair neart poiblíochta nuair a sheol an Taoiseach é le gairid agus atá lán le buaileam sciath is éirí in airde.

Is cosúil go bhfuil  ‘leibhéil gan fasach den riachtanas daonnúil tarlaithe ar fud an domhain’ pé ar bith cén sórt beithíoch é sin ach is cinnte nach dtuigfeadh an té nach mbeadh aige ach Gaeilge gur ‘unprecedented levels of humanitarian need around the world’ is brí leis. Is an-chinnte freisin gur fánach a chuir an té a cheap an frása ‘Gaeilge’ sin a chuid ama, a shláinte agus a shaothar amú agus tá súil le mac Dé agam nach raibh aon mhórchúiteamh i gceist.

Is go fánach a chuir aistritheoir an nóta fáilte féin ar ireland.ie a chuid ama amú freisin, nó b’fhéidir go dtuigeann sé nó sí gurbh amhlaidh a chuirfeadh an ginideach daoine ó dhoras. Seo é agus é ag cur fáilte romhainn ‘do’ seachas chuig nó ‘go dtí’ ‘Éire. Anseo a bhfuil cónaí orainn’.

‘Anseo tiocfaidh tú ar phobal atá oscailte – spás chun maireachtáil, chun foghlaim, chun cruthú agus chun nuáil. Cuirfear fáilte romhat anseo do thír nach bhfuil a leithéid ann in áit ar bith eile ar domhan.’

Dé Máirt, dúirt an Coimisinéir Teanga nárbh fhiú dá fhoireann a bheith ag déanamh monatóireacht ar scéimeanna teanga na Straitéise sin mar gur “cur amú acmhainní” a bheadh ann. Ní taobh leis an gcur amú sin muid, faraor. Cur amú ama agus acmhainní domsa a bheith ag iarraidh Béarla i nGaeilge a léamh. Seachas an cantal a chuireann sé orm, léiríonn sé dearcadh ‘déanfaidh sé cúis’ i leith mo theanga. Ní ghlacfaí leis an tsiléig chéanna sa mBéarla go brách agus is léir gur dhúirt duine éigin áit éigin ‘sure nobody reads it anyways’. Ach ar chuimhnigh aon duine go raibh cúis mhaith lena neamhléamh?

Bhuel, aon duine a léifeas ireland.ie i nGaeilge agus a thuigfeas é, ba cheart bonn óir a bhronnadh air agus é a fhógairt trítheangach.

Nach mór an trua gur le haois a thagann ciall, mé anois ag caoineadh na n-uaireanta an chloig atá curtha amú agam ag iarraidh Baeilge a léamh nuair a bhí Béarla breá soiléir le fáil agam go saoráideach.

Cuimhnigh ar a aineolaí agus a bhí an té a chuimhnigh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in áit eolas faoi scéim deontais timpeallachta don fheilméara Gaeltachta a raibh imní air faoina choimín agus a chuid airgid agus an easpa tuisceana a bhí ar an bhfeidhmeannach stáit sin i dtaobh riachtanais an chainteora Gaeilge.

Más dualgas dlí a chuireann an Ghaeilge á scríobh, ní fiú é. Eolas a sholáthar go cruinn soiléir an aidhm agus léifear é má bhíonn freagra na ceiste le fáil ann.

Mar a deir bean an fhíseáinÉire. Anseo a bhfuil cónaí orainn’ mar thús lena dán moltach, ‘Here, we find ourselves. We speak and the words mostly matter’.

Mostly matter?

Diabhal bréag a tháinig as a béal.

– Nóta d’aistritheoirí agus do lucht Bhliain na Gaeilge 2018. Is mór idir ‘cruthaíocht’ agus ‘cruthaitheacht’, idir ‘cruthaíoch’ agus ‘cruthaitheach’ agus idir fear ‘cruthaíoch’ agus fear ‘cruthaitheach’

Fág freagra ar 'Fáilte go dtí ireland.ie, ‘where words mostly matter’…fad is nach i nGaeilge iad'

  • Concubhar

    Léigh mé an leagan Ghaeilge de ireland.ie – nó sliochtaí as ar aon nós nó ghortaigh sé mo shúil – seachtain ó shin agus bhí orm na sliochtaí a chur isteach i Google Translate chun iad a mhíniú dom. Ní raibh morán céille leis an leagan Béarla a tugadh mar thoradh. Tá áthas orm gur dhírigh Máire Ní Fhinnéadha a h-aird ar seo nó bhíos buartha gur mé féin amháin nár thuig Gaeilge ireland.ie. Mar a dhéarfadh Scottie ar Star Trek, it’s Gaeilge Jim but not as we know it! Chuir mé tvuít chuig Leo ag cuir m’imní in iúl do. Is dócha go bhfuil sé ró ghnóthach chun freagra a thabhairt…..

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Aistritheoir gairmiúil

    Táim féin ag obair in earnáil an aistriúcháin le roinnt blianta anuas agus feicim a leithéid go mion minic ó mo chomhaistritheoirí. Bíonn siad róthógtha don aistriúchán focal ar fhocal agus ní imíonn siad ó fhoclaíocht an Bhéarla ar fhaitíos nach mbeidh an t-aistriúchán slán ó thaobh céille de. Caithfear an téacs Béarla (nó teanga eile) a chur i mbéal an chainteora Gaeilge – céard a déarfadh an té sin dá mbeadh sé ag iarraidh an t-eolas céanna a thabhairt i nGaeilge bhinn nádúrtha? Más féidir leis an aistritheoir an méid sin a dhéanamh tá a chúram déanta aige.

  • léitheoir

    Aistritheoirí gairmiúla á n-íoc as ‘ní mór go mbeidh’ …’an bhfuil rud éigin cearr leis an leathanach seo?’ .. etc etc suíomh ‘An Chomhairle Eorpach’