Fáilte curtha roimh thorthaí dearfacha i leith druga a d’fhéadfadh moill a chur leis an ngalar Alzheimer

Meastar go bhfuil thart ar 64,000 duine in Éirinn faoi láthair a bhfuil an néaltrú orthu agus go méadóidh an líon sin go 150,000 duine faoin mbliain 2045

Fáilte curtha roimh thorthaí dearfacha i leith druga a d’fhéadfadh moill a chur leis an ngalar Alzheimer

Tá fáilte curtha ag Cumann Alzheimer na hÉireann roimh na torthaí dearfacha is déanaí faoi dhruga a d’fhéadfadh moilliú a dhéanamh ar an ngalar Alzheimer.

Tá dóchas mór ann i dtaobh na dtorthaí dearfacha ar an triail chliniciúil is déanaí maidir le héifeachtúlacht na hantasubstainte Lecanemab.

Meastar go bhféadfadh Lecanemab moilliú a dhéanamh ar an ngalar Alzheimer ar dhaoine a n-aithnítear an galar orthu agus gan é ach ina thús.

Maidin inniu, ag comhdháil bhliantúil lucht Trialacha Cliniciúla an Ghalair Alzheimer (CTAD) i San Francisco a chuir ionadaithe ó EISAI, Comhlacht Cógaisíochta Seapánach, an fhianaise nua seo faoi bhráid na rannpháirtithe.

Mí Mheán Fómhair a d’eisigh EISAI agus Biogen preasráiteas go raibh dea-thorthaí á bhfáil acu ar thrialacha.

Léirigh na torthaí gur chuir an antasubstaint Lecanemab moill mheasartha ar dhul chun cinn an ghalair Alzheimer, an phríomh-aidhm a bhí leis an triail. Díríonn an antasubstaint seo ar phróitéin dhíobhálach san inchinn, an bhéite-phróitéin ailileoiseach.

Tá iarratas déanta ag EISAI ar Údarás Bia agus Drugaí na Stát Aontaithe go dtabharfaí ceadúnas rialacháin dóibh go luath.

Táthar ag súil le scéala faoin gceadúnas luathaithe sin mí Eanáir, agus súil ann go bhféadfar iarratais a dhéanamh sa tSeapáin agus san Eoraip roimh dheireadh an Mhárta an bhliain seo chugainn.

Meastar go bhfuil thart ar 64,000 duine in Éirinn faoi láthair a bhfuil an néaltrú orthu agus go méadóidh an líon sin go 150,000 duine faoin mbliain 2045.

Agus í ag trácht ar an scéal is déanaí seo as San Francisco, dúirt an Dr Laura O’Philbin, bainisteoir Taighde agus Polasaí Chumann Alzheimer na hÉireann:

“Agus taighde ar bun le cúpla scór bliain, is é Lecanemab an chóir leighis is iontaofa a chonacthas fós do dhaoine a bhfuil Lagan Cognaíoch Éadrom nó Galar Alzheimer ina thús orthu. Fiú más beag iad na torthaí cliniciúla dearfacha, ó thaobh na heolaíochta de is forbairt ríthábhachtach í seo a thugann dóchas do na daoine ar fad ar fud na cruinne atá ag déileáil leis an néaltrú.

“Tá ród fada romhainn go fóill. Tá ceadúnas rialála agus forbairtí inár gcóras sláinte riachtanach sula bhfeicfear Lecanemab ar fáil do dhaoine sa tír seo. Tá súil ag Cumann Alzheimer na hÉireann leanúint leis an gcomhoibriú lenár gcomhghleacaithe taighde agus cliniciúla agus le hionadaithe an rialtais.

“Lá maith é an lá inniu agus níl ann ach an tús le laethanta níos fearr sa todhchaí do dhaoine a bhfuil an néaltrú ag cur as dóibh.”

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh thorthaí dearfacha i leith druga a d’fhéadfadh moill a chur leis an ngalar Alzheimer'