Fáilte curtha roimh mhaoiniú €1.275 milliún d’Ealaín na Gaeltachta

Dúirt Ealaín na Gaeltachta go raibh an ‘struchtúr cuí’ agus an ‘fhoireann cheart’ anois acu chun leas a bhaint as maoiniú nua

Fáilte curtha roimh mhaoiniú €1.275 milliún d’Ealaín na Gaeltachta

Pictiúr: Eoin Mc Garvey

Tá an “struchtúr cuí” agus an “fhoireann cheart” ag Ealaín na Gaeltachta chun leas a bhaint as maoiniú nua agus deiseanna níos fearr a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta foghlaim faoi na healaíona dúchasacha.

B’in a bhí le rá ag Cathal Goan, ball de Choiste Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta i ndiaidh cruinniú a bhí ag an eagraíocht le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, i nGaoth Dobhair tráthnóna.

D’fhógair Kyne le déanaí deontas €1.275 milliún d’Ealaín na Gaeltachta thar thréimhse trí bliana, an chéad uair ar ceadaíodh deontas  trí bliana don eagraíocht.

Dúirt Cathal Goan, go raibh an-fháilte ag Ealaín na Gaeltachta roimh an maoiniú. 

“Tá an fhoireann cheart earcaithe anois againn agus an struchtúr cuí curtha i bhfearas againn, mar sin cuirfidh na hacmhainní breise seo ar ár gcumas deiseanna níos fearr don fhoghlaim agus don oiliúint a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta agus iad i mbun na n-ealaíon dúchasach. 

“Táimid ag súil go bhfágfaidh an maoiniú méadaithe seo rian feiceálach ar chleachtas na n-ealaíon sin fud fad na Gaeltachta go ceann i bhfad.”

Chuir Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir agus amhránaí le Altan, a bhí i láthair ag an ócáid, fáilte roimh an maoiniú chomh maith.

“Mar cheoltóir lán-aimseartha agus teagascóir, fáiltím roimh an tacaíocht seo chun na healaíona dúchasacha a chaomhnú. 

“Ó thosaigh m’athair féin ag teagasc ceoil go deonach i gceantar Gaeltachta Iar-Thuaisceart Dhún na nGall agus mé féin anois ag teagasc ceoil i scoileanna an cheantair agus sa Chrannóg, tuigim na deiseanna a thugann an maoiniú seo don aos óg agus go gcinntíonn sé fosta go mbeidh na healaíona dúchasacha á seachadadh ó ghlúin go glúin,” arsa Mairéad Ní Mhaonaigh.

Bainfidh Ealaín na Gaeltachta leas as an maoiniú chun ranganna sna healaíona Gaeilge a sholáthar i nGaeltacht na Gaillimhe, chun ranganna a sholáthar i gcomhar le Scoil Cheoil na Crannóige i nGaeltacht Dhún na nGall agus chun

Nia Ní Bheirn le Mairéad Ní Mhaonaigh. Pictiúr: Eoin Mc Garvey

ranganna a sholáthar i gcúig bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall.

Deirtear go gcuirfear ranganna seirbhísí, agus deiseanna oiliúna ar fáil chomh maith i sé limistéar pleanála teanga eile sa Ghaeltacht. Fostófar i gConamara beirt chomhordaitheoirí, duine acu go lánaimseartha agus an duine eile go páirtaimseartha, agus fostófar comhordaitheoir lánaimseartha amháin sa Chrannóg.

Fostófar comhordaitheoir ealaíne chomh maith in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh “áthas” air an maoiniú a fhógairt. 

“Mar gheall ar an obair fhónta atá beartaithe ag an eagraíocht, tabharfar níos mó cúnaimh le raon leathan tacaíochtaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht – atá dírithe den chuid is mó ar aos óg na Gaeltachta – rud a chabhróidh níos mó, ar ndóigh, le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus go deimhin an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta,” a dúirt Seán Kyne.

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta próiseas comhairliúcháin phoiblí ag Oireachtas na Samhna maidir le straitéis nua do na healaíona Gaeilge sa Ghaeltacht 

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh mhaoiniú €1.275 milliún d’Ealaín na Gaeltachta'