Fáilte curtha ag Coláiste Dhoire roimh na chéad daltaí i mbliana

D’oscail Coláiste Dhoire a dhoirse roimh 14 dalta inné nuair a cuireadh tús leis an mbliain nua scoile. Is í an dara meánscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, i ndiaidh Choláiste Feirste, a bunaíodh sa bhliain 1991

5 Scoilphobal GCD
Scoilphobal Choláiste Dhoire ar oscailt na scoile inné

Seachtar buachaillí agus seachtar cailíní a thosaigh i mBliain a hOcht inné i gColáiste Dhoire nuair a osclaíodh na doirse don bhliain scoile 2015 -2016.

Tá 14 dalta cláraithe leis an meánscoil nua lán-Ghaeilge a bunaíodh i mbliana tar éis ocht mbliana d’fheachtasaíocht ó mhuintir na háite. Tá triúr múinteoirí fostaithe ag an scoil; beirt ar bhonn lánaimseartha agus duine amháin ar bhonn páirtaimseartha, chomh maith le rúnaí scoile agus an príomhoide, Diarmaid Ua Bruadair.

Dúirt Ua Bruadar le Tuairisc.ie go raibh sceitimíní ar an-chuid daoine ag an scoil maidin inné.

“Ní hamháin na daltaí, na tuismitheoirí agus na múinteoirí, ach an pobal máguaird agus oifigigh na Roinne Oideachais a bhí i láthair freisin. Is céim iontach tábhachtach í seo in earnáil na Gaelscolaíochta agus chonaic muid go dtiocfadh leis na grúpaí éagsúla a theacht le chéile agus rud mar seo a chur ar bun,” a dúirt sé.

Déanfaidh Coláiste Dhoire, atá lonnaithe i gCaisleán Dhún Geimhin, freastal ar dhaltaí ó trí bhunscoil i gContae Dhoire: Tír Chiana, Baile na Scríne agus Dún Geimhin féin. Tháinig 25 dalta amach ó Bhliain 7 sa cheantar i mbliana agus roghnaigh 14 acu sin an Gaeloideachas i gColáiste Dhoire.

Is é Coláiste Dhoire an dara meánscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh Coláiste Feirste i mBéal Feirste sa bhliain 1991. Tá os cionn 500 dalta ag freastal ar an scoil sin anois. Dúirt Diarmuid Ua Bruadair le Tuairisc.ie go raibh “infheistíocht mhearsartha ard” déanta ag an Roinn Oideachais sa scoil agus cuireadh ina luí ar an Roinn gur theastaigh an maoiniú sin go mbeifí in ann na struchtúir a chur in áit do na daltaí a thiocfadh sna blianta amach romhainn.

“Beidh 40 dalta ag fágáil na bunscoile anseo an bhliain seo chugainn agus beidh muid ag súil le cuid mhór díobh a mhealladh chuig Coláiste Dhoire,” a dúirt an príomhoide.

Beidh gach ábhar ar fáil sa meánscoil agus beifear ag baint úsáide as áiseanna na scoile Béarla trasna an bhóthair ón scoil a fhad is atá saotharlanna, seomraí adhmadóireachta agus eile á fhorbairt i gColáiste Dhoire.

Oifigí na Roinne Oideachais ar oscailt Ghaelcholáiste Dhoire
Oifigí na Roinne Oideachais ar oscailt Ghaelcholáiste Dhoire

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Coláiste Dhoire roimh na chéad daltaí i mbliana'

  • Breathnóir

    Sílim gur céim thábhachtach chun tosaigh é seo don ghaeloideachas sna 6 chontae. Go n-éirí go geal leo.

  • Caint na Mumhain

    Go diail! Gach rath orthu amach anso. Rud a bhí ag teastáil i nDoire Cholm Cille le stáir.