Fáil níos éasca ar chead pleanála i gConamara molta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige

Aighneacht seolta ag an ngrúpa forbartha áitiúil chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ag ullmhú dréachtphlean nua don tréimhse 2022-2028

Fáil níos éasca ar chead pleanála i gConamara molta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige

Tá raon beartas molta ag coiste forbartha i gConamara agus iad ag iarraidh é a dhéanamh níos éasca do dhaoine as an gceantar cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht.

Tá aighneacht maidir le Dréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 curtha faoi bhráid na Comhairle Contae ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus é mar aidhm acu go mbeadh sé níos éasca ag daoine cur fúthu ina gceantar dúchais.

I measc na moltaí atá déanta ag an gCumann Forbartha, moltar gur cheart go mbeadh sé níos éasca cead pleanála a fháil do thithe beaga.

Deirtear gur cheart fáil réidh leis an riachtanas atá ann faoi láthair go mbeadh suíomh 0.2 heicteár (0.5 acra) ag teastáil chun teach aonair a thógáil i gCois Fharraige. Ina áit sin, molann an Cumann Forbartha gur cheart go mbeadh nasc idir achar an tsuímh agus achar urláir an tí. Moltar go mbeadh íos-achar an tsuímh seacht n-uaire níos mó ná achar urláir an tí agus aon gharáiste/cró a bheadh leis.

D’fhéadfaí freisin, a deirtear, cur leis an soláthar tithíochta sa cheantar dá mbeadh cead sealla nó teach beag a dhéanamh ar an suíomh céanna le teach atá ann cheana, ach an suíomh a bheith sách mór, agus an córas séarachais a bheith in ann an úsáid breise a láimhseáil.

Moltar chomh maith go mbeadh cead ag tuismitheoir/aintín/uncail cuid de shuíomh mór, ar a bhfuil teach tógtha faoi láthair, a chur ar fáil do dhuine eile den chlann chun teach a dhéanamh air a bheadh faoi cheangal ag coinníoll.

Bíonn fadhbanna go minic ag forbairtí i gCois Fharraige agus i gConamara trí chéile le córais séarachais chuí agus moltar in aighneacht an Chumainn Forbartha go mbainfí úsáid as na córais séarachais atá forbartha cheana féin in eastáit tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta sa cheantar chun freastal ar thithe cónaithe.

Tá moladh eile san aighneacht gur cheart go mbeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe fabhrach i dtaobh iarratais phleanála le roinnt bheag tithe – idir 2 agus 5 cinn – a thógáil ar shuíomh amháin i gCois Fharraige agus go mbeadh córas séarachais amháin ar freastal ar na tithe sin ar fad.

Deirtear freisin gur cheart go n-athrófaí an Rangú Tírdhreacha ar an stráice talún i gCois Fharraige atá taobh ó thuaidh agus ó dheas de bhóthar an R336 ó leibhéal 3 go leibhéal 2, i gcás bóthar nó bóithrín ar a bhfuil roinnt mhaith tithe tógtha cheana féin, athrú a dhéanfadh níos éasca é cead pleanála a fháil.

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur i gConamara Theas agus ar Oileáin Árann atá “na pobail Ghaeltachta is mó atá faoi bhrú ag an athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla” agus gur mó an bhrú fós atá orthu siúd i gCois Fharraige agus iad gar do Chathair na Gaillimhe.

Meastar gur bealach amháin le stop a chur leis an gcreimeadh teanga sa cheantar ná é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na háite tithe a thógáil sa cheantar.

Deir an Cumann Forbartha gur cheart don Chomhairle Contae a aithint go bhfuil géarghá cur leis an soláthar tithíochta i gCois Fharraige, siar ón Spidéal chomh fada le Ros an Mhíl. Meastar go bhféadfaí cuid den éileamh sin a shásamh dá ndéanfaí níos éasca é do dhaoine ón áit cead pleanála a fháil trí chuid de na srianta agus na bacanna atá i bhfeidhm faoi láthair a scaoileadh.

Tugadh rabhadh do Chomhairle Chontae na Gaillimhe cheana nach mairfidh an Ghaeilge sa cheantar mura dtugtar cosaint cheart di i bplean forbartha nua an chontae.

Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht i mbéal an phobail le bliain anuas agus aird tarraingthe ar chásanna i Ráth Chairn, i gCorca Dhuibhne agus sa Rinn faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras pleanála. Sheol Conradh na Gaeilge polasaí náisiúnta i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht mí na Samhna seo caite.

Breis is trí scór leasú is moladh ar fad atá san aighneacht a chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Chomh maith le cúrsaí tithíochta, bhain moltaí eile le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta an cheantair, fuinneamh in-athnuaite, bóithre agus cosaint na teanga.

Moltar i nDréachtphlean na Comhairle Contae go mbeadh coinníoll teanga le haon fhorbairt i gceantar Chois Fharraige ina bhfuil níos mó ná dhá theach le tógáil. Luaitear go rachaidh 80% de na tithe i bhforbairtí den chineál sin chuig cainteoirí Gaeilge ach tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag moladh gur cheart go mbeadh gá le caighdeán Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha ag duine mar chuid den choinníoll teanga.

I measc na moltaí atá déanta i dtaobh na mbóithre sa cheantar, molann an Cumann Forbartha gur cheart seachbhóthar a dhéanamh timpeall ar An Spidéal leis an mbrú tráchta sa sráidbhaile a laghdú agus gur cheart don Chomhairle Contae suirbhé a dhéanamh le fáil amach an mbeadh sé indéanta cuid de na bóithre a rinneadh le haghaidh muilte gaoithe a úsáid le cuid den trácht atá ag teacht aniar ar an R336 a chur i dtreo an N59.

Tá moltaí déanta freisin go bhforbrófaí áis Park&Ride taobh thiar den chathair ar an R336, gar do Bhearna, agus go ndéanfaí staidéar féidearthachta ar raon sábháilte do rothaithe a fhorbairt idir Gaillimh agus Ros an Mhíl.

Fág freagra ar 'Fáil níos éasca ar chead pleanála i gConamara molta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige'