Rabhadh tugtha do chomhairle contae nach mairfidh an Ghaeilge i gCois Fharraige mura dtugtar cosaint cheart di

Iarrtar in aighneacht atá curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga go gcuirfí ‘roinnt polasaithe breise’ le Plean Forbartha an Chontae

Rabhadh tugtha do chomhairle contae nach mairfidh an Ghaeilge i gCois Fharraige mura dtugtar cosaint cheart di

Tá rabhadh tugtha ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga do Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach mairfidh an Ghaeilge sa cheantar mura dtugtar cosaint  cheart di i bplean forbartha nua an chontae atá á dhréachtú faoi láthair.

Iarrtar san aighneacht atá curtha faoi bhráid na Comhairle Contae ag an Fhóram go gcuirfí ‘roinnt polasaithe breise’ le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028, chun ‘bearnaí reatha a líonadh’ agus ‘tacú’ le feidhmiú Phlean Teanga Chois Fharraige.

Deirtear san aighneacht go bhfuil “bearta láidre” ag teastáil chun an teanga a neartú sa Spidéal agus sna Forbacha, go háirithe.

Moltar gur cheart An Spidéal a aithint mar shráidbhaile Gaeltachta “ar leith”, mar go bhfuil sé ar an chéad sráidbhaile atá gar do Chathair na Gaillimhe ina mbíonn “an Ghaeilge á húsáid i measc sciar suntasach den daonra”.

Mar chuid den aitheantas speisialta seo, moltar go ndéanfaí an Ghaeilge níos feiceálaí ar chomharthaíocht ar fhoirgnimh, ar fhorbairtí nua agus ar fhógraí a bhíonn crochta ar an sráidbhaile. Moltar chomh maith i gcás an Spidéil go gcuirfí cosaint speisialta ar fáil ar “aon fhorbairt a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’úsáid na Gaeilge sa sráidbhaile”.

Aithnítear san aighneacht go bhfuil ról tábhachtach ag an chóras pleanála maidir le stop a chur leis an chreimeadh teanga i gCois Fharraige.

Tá 12 moladh déanta san aighneacht chun an Ghaeilge a láidriú sa cheantar, ina measc bearta chun go ndéanfadh an córas pleanála freastal níos fearr ar chainteoirí dúchais Gaeilge agus cainteoirí líofa Gaeilge ar mian leo teach cónaithe a thógáil sa cheantar.

I gcás tithe aonair, moltar go gceadófaí teach a thógáil ar shuíomh 0.33 acra in áit an 0.5 acra mar atá faoi láthair, agus go dtabharfaí cead d’fhorbairtí ar bhóithre áise agus ar chúl suímh a bhfuil teach tógtha air cheana féin.

Moltar gur cheart go mbeadh Oifigeach Pleanála na Comhairle Contae i gceantar Chois Fharraige eolach faoi chúrsaí pleanála teanga agus go mbeadh Gaeilge ar a thoil ag an oifigeach sin.

Deirtear san aighneacht go bhfágann polasaí pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm i gcás tithe aonair a thógtar sa cheantar agus go bhfuil tithe á ndíol ar phraghas an-ard ar an mhargadh oscailte le daoine nach as an cheantar iad.

Moltar go mbeadh na coinníollacha teanga céanna le comhlíonadh i gcás tithe aonair agus atá i bhfeidhm ar eastáit agus scéimeanna tithíochta.

I gcás forbairtí ina bhfuil dhá theach nó níos mó, tá Clásal Feidhme Teanga i gceist le 80% de na hionaid chónaithe. Deirtear san aighneacht gur cheart go leanfaí leis an chur chuige seo ach go méadófaí an tréimhse ama ina mbeadh an clásal teanga i bhfeidhm go scór bliain.

Maidir le húsáid na Gaeilge, deirtear san aighneacht gur cheart go ndéanfaí cinnte de go bhfuil cumas sa teanga ag daoine a chuireann isteach ar chead pleanála sa cheantar agus go mbeadh ceist ar leith ar an fhoirm iarratais faoi inniúlacht sa Ghaeilge.

Moltar don Chomhairle Contae ‘caighdeán aitheanta Gaeilge’ a leagan síos le tástáil a dhéanamh ar dhaoine atá ag cur isteach ar chead pleanála nó atá ag lorg teach faoi scéim tithíochta agus go ndéanfaí ‘monatóireacht neamhspleách rialta’ ar an phróiseas tástála.

Moltar chomh maith go mbeadh sé mar pholasaí ag an Chomhairle Contae a bheith “báúil” le cainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh cead pleanála a fháil ar shuíomh feiliúnach i gceantar Chois Fharraige. Ba pholasaí é seo a leagadh amach i bPlean Ceantar Áitiúil na Gaeltachta 2008-2018.

Ba cheart go mbreathnódh an Chomhairle “go fabhrach” freisin ar iarratais phleanála a bhainfeadh le tograí teanga agus pobail, lena n-áirítear forbairtí i dtaobh coláistí Gaeilge agus eagraíochtaí spóirt.

Deirtear gur gá freastal a dhéanamh ar dhaoine ó cheantar Chois Fharraige nach bhfuil talamh tógála feiliúnach ag a muintir. Moltar go n-aimseofaí láithreacha áirithe ina bhféadfaí idir ceithre agus sé cinn de thithe a thógáil orthu i gceantair éagsúla idir na Forbacha agus Ros an Mhíl le go mbeadh deis ag daoine maireachtáil ina gceantar féin.

San aighneacht Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga cuirtear i leith na Comhairle Contae go bhfuiltear “an-siléigeach” i dtaobh fógraíocht i mBéarla a cheadú ar an R336. Ba cheart go ndéarfaí go soiléir i bPlean Forbartha an Chontae nach gceadófar comharthaí fógraíochta ar thaobh an R336 nach bhfuil i nGaeilge amháin nó dhátheangach agus an Ghaeilge chun tosaigh.

Ba cheart go bpléifí aon fhógraí atá le cur suas le hOifigeach Gaeilge na Comhairle Contae agus le hoifigeach pleanála teanga an cheantair agus go mbeadh siadsan  ar fáil le foclaíocht chuí a mholadh agus a cheadú.

Iarrtar ar an Chomhairle Contae chomh maith úsáid a bhaint as logainmneacha Gaeilge amháin i gcás iarratas pleanála sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha do chomhairle contae nach mairfidh an Ghaeilge i gCois Fharraige mura dtugtar cosaint cheart di'

  • Fionnbarra

    An-mhaith! Ba chóir go gcuirfeadh na Fóraim Pleanáil Teanga i ngach ceantar Gaeltachta aighneachtaí mar seo isteach i ngach Comhairle Contae ina bhfuil ceantair Gaeltachta ann. They can act as a strong local voice which has been absent to date. Maith sibh.

  • Lillis Ó Laoire

    Is bearta iad seo atá a dhíobháil i ngach ceantar láidir Gaeltachta. Dála Chomhairle Contae na Gailllimhe, ní fheiceann na Comhairlí go bhfuil na bearta seo tábhachtach do thodhchaí na teanga. Ba chóir gur straitéis í seo a bheadh i bhfeidhm i ngach Co.Co. a bhfuil Gaeltacht faoina cúram.