Fág spás do shamhlaíocht an léitheora – gaois dealbhadóra do scríbhneoirí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn gá le cur síos fisiciúil nuair a chuirtear carachtar ficseanúil i láthair an léitheora. Ach cé chomh mion agus a chaithfidh an cur síos sin a bheith?

Fág spás do shamhlaíocht an léitheora – gaois dealbhadóra do scríbhneoirí

Fillim arís is arís eile ar shaothar an scríbhneora Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson. Ní ar a sraith pictiúrleabhar chlúiteach do pháistí, na Moomins, a fhillim ach ar a cuid scríbhneoireachta do dhaoine fásta, a bhíonn ag cur thar maoil le gaois – go háirithe do scríbhneoirí.

Cheannaigh mé The Summer Book le deireanas agus ní raibh mé ach díreach tar éis luí isteach ar an léitheoireacht nuair a tháinig mé ar an tseoid seo:

‘Grandmother sat in the magic forest and carved outlandish animals. She cut them from branches and driftwood and gave them paws and faces, but she only hinted at what they looked like and never made them too distinct.’

Dealbhadóir a bhí i máthair Tove Jansson agus ba í a spreag an tseanmháthair in The Summer Book. Ach is mór an tairbhe a bhainfeadh scríbhneoirí as cur chuige na seanmhná seo.

Tharla go raibh mé féin ag streachailt leis an gcur síos fisiciúil ar na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam nuair a tháinig mé ar an sliocht thuas. Ar ndóigh, bíonn gá le cur síos fisiciúil nuair a chuirtear carachtar ficseanúil i láthair an léitheora. Ach cé chomh mion agus a chaithfidh an cur síos sin a bheith? 

Bhí comhrá fada agam le deireanas faoin gceist sin le cara de mo chuid a bhfuil an-dúil aici sa léitheoireacht. Is é an chaoi go bhfuil íomhá an-soiléir agam i m’aigne féin de na príomhcharachtair san úrscéal atá á scríobh agam. Ach an gcuirfinn isteach ar eispéireas an léitheora dá bpéinteálfainn pictiúr de na carachtair sin i m’úrscéal a bheadh chomh beacht céanna agus an íomhá i m’aigne féin? Bhí mo chara den tuairim go gcuirfeadh. 

‘Tagann chuile léitheoir chuig scéal lena thaithí féin ar an saol agus beidh léamh éagsúil ag chuile léitheoir ar an scéal dá bharr sin. Sin cuid mhór de phléisiúr na léitheoireachta domsa – mo bhrí phearsanta féin a bhaint as scéal. Ach chuige sin, caithfear spás a fhágáil do shamhlaíocht an léitheora. Ní féidir leatsa, mar scríbhneoir, a bheith ag súil go bhfeicfidh mise do chuid carachtar romham díreach mar a fheiceann tusa iad.’

Thuig mé go raibh an ceart ag mo chara, ach níor léir dom an bealach ar aghaidh i gcás na gcarachtar i m’úrscéal féin go dtí gur tháinig mé ar an tseanmháthair in The Summer Book agus a cuid ainmhithe aduaine san fhoraois dhraíochta. Tabharfaidh mé aghaidh agus géaga do mo chuid carachtar, ach ní thabharfaidh mé ach leid faoina gcosúlacht. Ar an gcaoi sin, beidh ar chumas an léitheora cuma chomh aduain agus ab áil leis a chruthú dóibh ina aigne féin.

Fág freagra ar 'Fág spás do shamhlaíocht an léitheora – gaois dealbhadóra do scríbhneoirí'