Bhain mé úsáid as an gcóras nua ‘Íoc ar do bhealach’ cúpla mí ó shin sa Róimh. Tugadh isteach é chun smacht a choinneáil ar na sluaite a bhí ag triall ar na hionaid ba mhó cáil i measc turasóirí. Chomh fada le mo chuimhne, d’íoc mé cúig euro le dul isteach sa Pantheon, an foirgneamh is sine agus is mó cáil ó sheanstair na Róimhe.
Is cuimhin liom nuair a bhí sé an-éasca do bhealach a dhéanamh isteach sa bhfoirgneamh ársa sin a bhfuil stair na n-aoiseanna le feiceáil ann. Is dócha gur ceapadh ar feadh i bhfad nach mbeadh sé éasca an t-airgead a bhailiú agus na sluaite a stiúradh ansin. Ach tháinig ré na ríomhairí agus na bhfón póca agus anois ní bhíonn stró ar bith ag baint leis an obair sin.
Mar sin, nuair a fógraíodh le gairid go mbeidís ag cur srian ar an líon daoine a ligtear isteach le breathnú ar Fhuarán Trevi, i gceartlár na Róimhe, níor chuir sé iontas ar mhórán.
Má bhí éinne agaibh ann le blianta beaga anuas, chonaic sibh cé chomh plódaithe is a bhíonn sé – gach nóiméad den lá – agus gur mhór an obair a bhí ann tada ceart a fheiceáil. Agus ar ndóigh, formhór na ndaoine ina seasamh agus a ndroim iompaithe leis an bhfuarán chun ‘féinín’ a ghlacadh. Is ar éigean go mbíonn daoine ag féachaint i gceart ar cheann de na saothair dhealbhóireachta is cumasaí sa Róimh.
Ón 2 Feabhra tá ticéad ag teastáil chun dul gar do bháisín an fhuaráin. Murab ionann is an Pantheon tá roinnt bealaí isteach ag an bhFuarán atá suite ar chineál plásóg oscailte phoiblí. Is dócha go bhfuil cuid de na sráideanna dúnta anois agus nach féidir siúl isteach gan an ‘ticéad’ a bheith ar taispeáint ar an bhfón agus do dhá euro íoctha agat.
Le blianta beaga anuas, tá pobail ar fud an domhain ag clamhsán faoin líon turasóirí a bhíonn ag tarraingt ar chathracha agus ar áiteacha eile a mbíonn gnáthdhaoine ina gcónaí iontu.
Rinne pobal na Veinéise clamhsán faoi ollmhéid na long pléisiúir a bhí ag tarraingt ar an tseanchathair sin. Chonaic muid pictiúir de na longa móra millteacha sin ag seoladh isteach sa Chanáil Mhór agus bheadh imní ort nach ndéanfaidís a mbealach amach as an gcathair arís.
Cruthaíonn an ‘ollturasóireacht’ seo na fadhbanna céanna i ngach cearn den domhan. Tá sé ró-éasca anois turas gearr a dhéanamh ar láithreacha a mbíodh an-dua ag baint le cuairt a thabhairt orthu tráth.
Cloisim go bhfuil gnó nua tosaithe anois ag tabhairt daoine, atá go maith as ó thaobh maoin an tsaoil, ar chuairt ghearr chuig ionaid éagsúla – Sliabh Everest, An tAntartach, agus áiteacha eile nach iad. Níl sé d’fhoighid ag na daoine seo a bheith ag taisteal ar feadh seachtainí chun na háiteacha iontacha seo a bhaint amach. Tá siad ag iarraidh an deireadh seachtaine a chaitheamh ann agus a bheith ar ais ag obair tar éis cúpla lá.
Bíonn míbhuntáistí ag baint leis seo – fiú amháin do na ‘taiscéalaithe’ nua seo iad féin. Is cuimhin liom féin fear a fheiceáil sínte ar an mbord sa teach ‘tae’ a raibh slua againn ag tabhairt cuairt air sa Neipeal, cúpla bliain ó shin. Seapánach a bhí ann agus bhí a threoraí féin aige.
Bíonn seanchleachtadh ag na treoraithe áitiúla ar an tionchar a bhíonn ag an airde ort. Bhí tinneas airde ar an Seapánach bocht seo a chuaigh in airde i bhfad ró-thapaidh agus ní raibh a chorp cleachtaithe ar an obair sin. Is dócha gur thug an treoraí bocht anuas é chomh luath agus a bhí sé in ann cos a chur faoi.
Baineann an tinneas seo le turas ar bith go sléibhte arda, a dhéantar rósciobtha. Chuala mé trácht ar roinnt mhaith cásanna ina ndearna daoine gan aon chleachtadh an turas go Machu Picchu sa Pheriú, róghasta, gan dul i dtaithí ar an airde i dtosach.
Cad a tharlóidh feasta agus aerfort nua ar na bacáin, gar don ionad ársa sna hAindéis? San am a caitheadh, bhíodh ar dhaoine an turas a dhéanamh de shiúl na gcos, nó turas cúpla lá a dhéanamh ar an traein áitiúil. Nuair a chuirfear bailchríoch ar an aerstráice beidh daoine in ann eitilt ann, cuairt sciobtha a thabhairt ar an láthair agus imeacht arís gan fanacht thart. Guím gach rath orthu, ach im’ thuairimse, seo turas nach féidir a dhéanamh amhail is gur turas deireadh seachtaine atá ann.
Tá imní freisin ar dhaoine go bhfuil an nós nua seo ag cur brú thar an ngnáth ar na hionaid luachmhara staire agus seandálaíochta seo ar fud an domhain. Beidh an radharc ag Machu Picchu cosúil leis an radharc ag Fuarán Trevi – is é sin, beidh sé deacair aon rud a fheiceáil ann le sluaite turasóirí agus gach a dtéann leo – bruscar, brú ar uisce agus ar acmhainní nádúrtha, ídiú talún agus a leithéidí.
I gcuid de na hionaid is mó turasóireachta ar domhan, tá an pobal áitiúil ag cur i gcoinne fás na turasóireachta go fíochmhar. Deir cuid acu nach féidir leo maireachtáil leis na sluaite daoine a bhíonn ag dul thart orthu, chuile lá. Agus mar bharr ar an donas, ina lán áiteanna ní chaitheann na turasóirí céanna pingin ar bith. Isteach leo de ruathar chun súil a chaitheamh ar lár na Veinéise, féinín a ghlacadh os chomhair Eaglais San Marco, agus as go brách leo arís, go minic ar bhád mór pléisiúir.
Thosaigh na háitritheoirí ag cur ina gcoinne in áiteacha amhail na hOileáin Chanáracha, Barcelona, Ibiza agus Liospóin. I mBarcelona, scaoil siad sruthanna uisce as ‘gunnaí’ ar na turasóirí, i gcathair Genova tharraing siad bád mór cairtchláir trí na sráideanna chun a thaispeáint nach raibh dóthain spáis ann di.
Bhí smaoineamh ar leith ag daoine gar do shliabh cáiliúil Fuji sa tSeapáin. Tugadh faoi deara go mbíodh daoine ag stopadh a gcuid carranna agus busanna in áit áirithe ar an mbóthar – áit a raibh radharc bhreá ar an sliabh i bhfad uathu. Thóg muintir na háite clár mór ar nós clár fógraíochta díreach san áit a mbíodh na turasóirí ag glacadh na bhféiníní. Tháinig deireadh ar an bpointe leis an tranglam tráchta ansin.
Agus mé sa siopa leabhair áitiúil an lá cheana, chuir mé ceist ar an úinéir faoin leabhar is mó díol ansin faoi láthair.
‘Ó tá chuile dhuine beo ag taisteal go dtí an tSeapáin,’ arsa sise. ‘Níl a fhios cé mhéad leabhar faoin tSeapáin atá díolta agam.’
Is olc an ghaoth…
Pádraig
Sea, “ollturasóireacht”, beidh sé deacair stop a chur leis sin.
Lear an-mhór de na turasóirí a thugann an Róimh orthu féin ar na saolta seo is Iodálaigh iad. Turasóireacht intíre, mar a déarfá.
D’fhéadfá an rud céanna a rá faoin Spáinn etc
Is dream daoine iad a dteastaíonn uathu dul amach ar a n-oidhreacht ársa, shaibhir féin.
Agus is maith le Caitilicigh ó gach cearn den domhan déanamh air chomh maith ar ‘oilithreacht selfie’ go minic!
Bíonn an Róimh ag cur thar maoil ó cheann ceann na bliana anois mar nach ngnáthaíonn Caitilicigh ‘An Talamh Naofa’ a thuilleadh ar chúiseanna atá iontuugthe.
Ach b’fhiú do gach neach beo turas a thabhairt ar Eaglais Naomh Peadar sa Róimh (saor-chead isteach) uair amháin ina shaol ar a laghad.
Gan faic eile a fheiceáil le do dhá shúilibh chinn ach ‘La Pietà’ le Miguel Angelo.
Feicfidh sé láimh Dé sa mhíorúilt ealaíne sin, gan aon agó, agus tógfaidh sé a chroí go hard na bhflaitheas.