‘Fadhbanna de chuid an Chéad Domhain’

Bhí turas eitleáin ifreanda ag gaolta ár gcolúnaí, ach bhí focail ghaoise dóibh (agus dár gcolúnaí féin) ag fear nár thaistil ar eitleán riamh.

‘Fadhbanna de chuid an Chéad Domhain’

Níor chreid mé riamh i bpisreog Aoine an 13 – ach tar éis sraith eachtraí a tharla an tseachtain seo caite, creidim.

Dé hAoine na seachtaine seo caite – an 13 – thaistil mo mháthair agus m’aintín ón Ísiltír (mar a bhfuil cónaí orthu) go cathair Salvador sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm féin.)

Agus iad ar a mbealach, chuaigh gach rud a d’fhéadfadh dul mícheart mícheart.

Nuair a bhain siad aerfort Schiphol amach, dúradh leo go mbeadh moill ar a n-eitilt go Liospóin na Portaingéile toisc gur buaileadh tinn píolóta TAP Portugal tar éis dó tuirlingt in Amsterdam go luath an mhaidin sin. Idir chuile útamáil, thóg sé nach mór deich n-uaire an chloig ar an aerlíne píolóta eile a aimsiú; d’fhág mo mháthair agus m’aintín Schiphol ag a cúig a chlog tráthnóna seachas ag a seacht a chlog ar maidin.

Nuair a bhain siad Liospóin amach faoi dheireadh, bhí an t-eitleán a bhí siad ceaptha a thógáil go Salvador leathbhealach trasna an Atlantaigh.

Rinneadh socruithe dóibh i Liospóin. Ach in ionad iad a chur suas in óstán éigin agus suíochán a chur in áirithe dóibh ar eitilt an lae arna mhárach, ba é an chaoi gur cuireadh ar eitilt go cathair São Paulo iad agus gur tugadh pasanna bordála dóibh d’eitilt intíre as an gcathair sin go Salvador.

Dhéanfadh sin cúis do thaistealaithe a bheadh i mbláth na hóige nó na meánaoise, ach tá m’aintín 76 bliana d’aois agus bhí mo mháthair, atá trí bliana níos óige ach a bhfuil galar Alzheimer uirthi, faoina cúram.

Anuas ar an gcúram sin, bhí cúis imní bhreise ag m’aintín.

Ní raibh an bagáiste seiceáilte tríd go Salvador.

Ach oiread leis na Stáit Aontaithe, éilíonn custaim na Brasaíle go mbailíonn paisinéirí a gcuid málaí san aerfort ina dtagann siad isteach sa tír. Caithfidh paisinéirí a gcuid bagáiste a iompar tríd an halla custam ag an aerfort sin agus a sheiceáil isteach arís iad féin do pé eitilt intíre chuig ceann scríbe eile.

Go hard os cionn an Atlantaigh, bhí m’aintín bhocht ag déanamh iontais cén chaoi faoin spéir a n-éireodh léi a mála féin, mála a deirféar agus go deimhin a deirfiúr féin a threorú tríd an aerfort is mó i Meiriceá Theas gan aici ach dhá uair an chloig – agus gan focal Portaingéilise aici.

Ní raibh a fhios aici sin ag an am, ach níor ghá di a bheith buartha faoin moill a chuirfeadh an bagáiste orthu. Dé Sathairn an 14 a bhí ann faoin am seo, ach ba léir go raibh mí-ádh as an ngnáth ag baint leis an Aoine roimhe agus tionchar aige tar éis mheán oíche. Ba é an chaoi go raibh bagáiste mo mháthar agus m’aintín dearmadta ag TAP Portugal. Bhí na málaí fós in aerfort Liospóin.

Bhí na deora le súile m’aintín nuair a bhailigh mé í féin agus mo mháthair ag aerfort Salvador. Faoin am sin, bhí an bheirt bhan ag taisteal le 37 n-uaire an chloig (15 uaire an chloig a thógann an turas ar fad de ghnáth.) Ní raibh néal codlata faighte acu ó d’fhág siad baile.

Ach ní raibh an céasadh thart fós – ná, ba chosúil, an mí-ádh aisteach a bhain le hAoine na seachtaine seo caite.

Nuair a bhain málaí mo mháthar agus m’aintín mo theach amach oíche Dhomhnaigh an 15 – lá go leith níos déanaí ná an bheirt bhan féin – ba léir ar an toirt go raibh mála m’aintín scriosta. An chuma a bhí air, shílfeá gur thit sé de chairt bhagáiste, go ndeachaigh sé i bhfostú faoin gcairt sin agus gur tarraingíodh é thar tharmac aerfoirt éigin ar feadh cúpla céad méadar agus ar luas ard. Níorbh é an mála féin amháin a bhí stróicthe as a chéile, ach cuid mhór dá raibh istigh ann freisin.

Ba é sin buille maraithe na muice. Thit mé féin, m’aintín agus mo mháthair i ndroim dubhach.

Nuair a d’inis mé an scéal ar fad do dhlúthchara Brasaíleach de mo chuid níos déanaí an oíche sin bhí focail ghaoise aige dom. Seo fear a bhfuil cónaí air i favela, bruachbhaile bocht, agus nár thaistil ar eitleán riamh. Ba mhaith a thuig sé gur ‘fadhbanna de chuid an Chéad Domhain’ a bhí ag déanamh tinnis dúinn.

‘Tá sibh ag olagón agus bhur mbolg lán! Nach cuma faoin moill agus faoin mála stróicthe? Tá an dá earra is luachmhaire tar éis an Bhrasaíl a bhaint amach go slán sábháilte – do mháthair agus d’aintín iad féin!’

Fág freagra ar '‘Fadhbanna de chuid an Chéad Domhain’'