Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh inné go mbeadh cruinniú aige go luath leis an Aire Iompair Shane Ross maidir le ceist stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre.
Thug an tAire Stáit McHugh le fios go mbeadh cruinniú aige leis an Aire Ross faoin ábhar tar éis do Pheadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a chur in iúl dó nach raibh “aon fhadhb” ag an Aire Iompair le cló na Gaeilge agus cló an Bhéarla a bheith ar comhchéim ar chomharthaí bóthair.
Ba ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán innu a thug Tóibín le fios gur labhair sé le Ross faoi cheist na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre.
“Bhí comharthaí bóthair tógtha san áireamh sa chéad dréacht de Bhille na dTeangacha Oifigiúla ach níl siad san áireamh anois. Bhíos ag caint le Shane Ross agus dúirt sé nach raibh a fhios aige nach raibh siad tógtha san áireamh agus nach raibh aon phlé díreach aige faoi.
“Ní raibh aon fhadhb ag Shane Ross an cló a bheith ar comhchéim ar na comharthaí bóthair. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar oscailte don rud nuair a bhí sé ina Aire Iompair, bhí an Roinn ina gcoinne, ach dúirt Leo leo gur cheart triail a bhaint astu, agus ceapaim go mbeadh Shane Ross oscailte dóibh freisin,” a dúirt Tóibín.
Dúirt McHugh go rachfaí chun cainte leis an Aire Iompair faoi chás na comharthaíochta Gaeilge a chur san áireamh i mBille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá ráiteas ón Aire Iompair Shane Ross iarrtha ag Tuairisc.ie.
Níos luaithe i mbliana, dúirt an Taoiseach le Tuairisc.ie gur mhaith leis filleadh ar cheist na Gaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha.
In 2013, le linn dó a bheith ina aire iompair d’ordaigh Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) tús a chur le comharthaí nua a chrochadh a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach chuir Paschal Donohoe, an té a tháinig i gcomharbacht air san aireacht iompair, an t-ordú sin ar ceal.
Le linn dó a bheith ina Aire Iompair, dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar an mbealach a úsáidtear an Ghaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre.
De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rinne an NRA cás láidir i gcoinne mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearadh agus clófhoireann nua a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha.
Léirigh freagra Varadkar féin ar an NRA go ndearna sé neamhní dá gcomhairle.
“However, having considered the matter I believe that the proposed new style is attractive, legible and affords Irish its appropriate status on our road signs. Therefore, I ask that the NRA erect a small number of signs in the format proposed by Conradh na Gaeilge…”
Níor cuireadh a phlean i gcrích riamh, áfach.
Nuair a ceapadh Paschal Donohoe mar aire iompair chuaigh sé i gcomhairle leis an Údarás faoin gceist arís agus thug sé le fios gur “sábháilteacht” ar bhóithre seachas cúrsaí teanga an chloch ba mhó ar a phaidrín.
Faoi láthair bíonn leaganacha Béarla na logainmneacha ar chomharthaí bóthair dátheangacha i gceannlitreacha agus bíonn na leaganacha Gaeilge i mionlitreacha i gcló Iodálach.
In 2015 sheol Peadar Tóibín féin bille inar éilíodh go mbeadh comhionannas ag an nGaeilge agus ag an mBéarla ar chomharthaí bóthair na tíre. De réir an bhille, bheadh an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla ar aon mhéid agus is don leagan Gaeilge a thabharfaí tús áite, os cionn an Bhéarla. Níor éirigh leis an mbille.
Anuraidh, thug urlabhraithe Gaeilge Shinn Féin agus Fhianna Fáil le fios do Tuairisc.ie go raibh siad ag obair as lámha a chéile le bille a thabhairt os comhair na Dála a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge is a thugtar don Bhéarla.
Éilis
Má tá comharthaí nua á ndéanamh – ar deis í ainmneacha na mbailte atá beagnach mar a chéile sa dá leagan a bheith scríofa i nGaeilge amháin?