‘Everybody talks’ – gloine fíona agus ceacht faoin bpóilíneacht sa Veinéis

Bheoigh ár gcolúnaí nuair a dúirt an bheirt a bhí ag cur cainte uirthi i mbialann san Iodáil go mbíonn siad ag plé leis an ‘law enforcement’ i Stáit Aontaithe Mheiriceá

‘Everybody talks’ – gloine fíona agus ceacht faoin bpóilíneacht sa Veinéis

Ar dtús ní mórán fonn cainte a bhí orm. Bhí sórt slaghdáin orm nach raibh biseach ag teacht air in aer tais na Veinéise. Bhí mé ag iarraidh mo chuid spaigití a ithe gan aon idirghníomhú mór sóisialta.

‘An raibh aon chuma ar fhíon an tí?’

‘Ní raibh aon chailleadh air.’

Ar ais chuig an bpláta.

Beagán cainte anonn is anall faoin aimsir, faoi na riachtanais siúil sa Veinéis, faoin AirBnB a bhí faighte acu gar do Dhroichead Rialto. Lig dom mo dhinnéar a ithe, as ucht Dé…….

Luaigh duine den bheirt cúrsaí oibre. Bhuaigh an fhiosracht ar mo thuirse. ‘Agus cén obair a bhíonn ar siúl agat?’

‘Law enforcement.’ Tháinig biseach ar mo shlaghdán ar an toirt.

Tá teachtaireacht ag dul thart ar Twitter na laethanta seo ón Washington Post. ‘Go talk to people,’ a deir sé. Rud bunúsach é, cheapfá, ach is cuid den saol comhaimseartha anois é go mbíonn ort rudaí an-bhunúsach a rá le hiriseoirí. Ní lia duine ná scéal.

Bhí an bheirt bhan ag obair sna póilíní sna Stáit Aontaithe, d’inis siad dúinn. Bhí duine acu, Kelly, ina ceannasaí ar fhórsa 75 póilín i gceann de na stáit is mó i Meiriceá. Agus an cúram a bhíonn orthu? Dul sa tóir ar theifigh agus iad a thabhairt isteach. Dúnmharfóirí den chuid is mó a bhíonn i gceist.

Bíonn tosaíochtaí áirithe acu. Duine ar bith a mharaigh póilín, téann sé go barr an liosta ar an toirt. Duine a mharaigh páiste agus baol láidir go maróidh sé páiste eile, téann sé go dtí an chéad áit eile ar an liosta. Dúnmharfóirí eile, caithfidh siad áit a ghlacadh sa liosta faoi sin.

Bhíomar lán le fiosracht. Níl a fhios cén feabhas a bhí ag teacht ar mo shláinte. Nach dtagann drochmhisneach orthu? Nach dtagann lagbhrí orthu agus líon na gcoirpeach ag méadú gach lá i Meiriceá? Caithfidh sé go mbíonn deacrachtaí móra acu na teifigh a aimsiú agus a thabhairt isteach?

‘Éiríonn linn i 95% de na cásanna,’ a dúirt Kelly. Úsáideann siad teicneolaíocht, mar a bheifeá ag súil leis- is féidir leo daoine a aimsiú go héasca leis na fóin phóca. ‘Ach,’ a dúirt mise, ‘céard faoi na fóin nach féidir a gcuid úinéirí a aimsiú toisc nach n-íoctar billí orthu?’

Bhí freagra sciobtha aici air sin. ‘Na fir ach go háirithe,’ a dúirt sí, ‘filleann siad ar na mná….aimsigh na mná.’

Aimsigh na mná. Nuair a chuimhnigh mé ar chásanna mór le rá, bhí an ceart aici. Chuaigh an teifeach ar ais chuig a bhean chéile, nó thug sé cuairt ar leannán, nó ar a Mhamaí. Agus bhí na póilíní ag fanacht orthu.

Agus an mbíonn bealaí eile acu chun eolas a bhailiú? ‘Íocann muid airgead,’ a dúirt sí go neamhbhalbh. Agus téann siad isteach sna príosúin chun eolas a bhailiú ó chomrádaithe na dteifeach, nó daoine muinteartha leo.

Ach nach é an t-iontas go labhraíonn muintir na gcoirpeach leis na póilíní? Ní nós le daoine sa tír seo, cheap mé, eolas a sceitheadh le fórsaí póilíneachta. Ach bhí freagra fíorMheiriceánach aici ar an gceist sin.

Ar an gcéad dul síos, dúirt sí, bíonn siad oscailte macánta leis na daoine a cheistíonn siad. Bíonn siad go deas leo, bíonn siad múinte, umhal fiú. Tosaíonn siad ag caint.

‘Agus, ar ndóigh, bíonn siad ag iarraidh go dtabharfaí isteach a gcuid fear (nó ban) agus iad fós beo. Má insíonn siad cá bhfuil na teifigh, bíonn seans níos fearr ann go dtiocfaidh siad amach as, fós ina mbeatha.’

‘Everybody talks,’ arsa sise. Chuir sé sin fonn orm labhairt léi faoina bhfuil ag titim amach sna Stáit Aontaithe leis an Ionchúisitheoir Mueller. ‘They’re talking,’ a chinntigh sí. D’inis sí dúinn go bhfuil sí cinnte go bhfuil ‘socrú speisialta’ faighte ag aon duine mór le rá a cheistigh Mueller go dtí seo. Agus ní thugtar ‘socrú’ d’aon duine go dtí go labhraíonn siad. Tá sí lánchinnte go bhfuil an t-uafás fianaise bailithe uathu ag an bpointe seo.

Chuir mé féin spéis ina laghad is atá tagtha amach ón bhfiosrúchán – níor chuala mé aon sceitheadh eolais uaidh. Cén chaoi a gcuireann siad cosc ar ‘leaks’?

Dúirt sí go dtugtar eolas nach bhfuil fíor do gach éinne, duine ar dhuine. Má sceitear an scéal, bíonn a fhios acu ar an bpointe cé a lig amach é – agus sin deireadh leis an ‘socrú speisialta’ don té sin.

Agus an bheirt phóilíní ar saoire, déanann siad cinnte go dtéann siad saor ó theagmháil fóin nó idirlín. Sa mbaile, bíonn siad de shíor ‘ar fáil’ agus ní féidir, nó ní mian leo, imeacht ón obair.

Bhíomar imithe uathu agus biseach iomlán orm, nuair a chuimhnigh mé ar dhuine de na teifigh ba mhó cáil i Meiriceá le blianta beaga anuas, a raibh ceangal láidir Gaeltachta aige. Chuir mé ríomhphost chuici ag fiosrú an raibh aon bhaint aici le ceapadh Whitey Bulger?

Ba iad an FBI a bhí i gceannas ar an tseilg áirithe sin toisc go raibh sé ar siúl ar bhonn náisiúnta, a dúirt sí. Ach bhí duine den fhoireann a oibríonn fúithi, cinnte, ag obair lámh ar láimh leis an FBI sa gcás sin. Tháinig an méid a dúirt sí faoi na mná ar ais chugam. Nuair a ceapadh Whitey bhí sé ag cur faoi os comhair an phobail, lena leannán Catherine Greig.

B’éigean dom ceist amháin deiridh a chur uirthi. Cén fáth ar inis sí dúinn ar an toirt cén obair a bhíonn uirthi? ‘Bhí cuma ionraic oraibh,’ a dúirt sí. ‘Go hiondúil nuair a chuirtear ceist orm faoi mo chuid oibre, deirim go n-oibrím i gcúrsaí bruscair- ‘waste disposal’.’

Nach shin é an obair a bhí ar siúl ag Tony Soprano?

Agus b’fhéidir nach raibh sí i bhfad ón bhfírinne.

Fág freagra ar '‘Everybody talks’ – gloine fíona agus ceacht faoin bpóilíneacht sa Veinéis'

  • Seán Mac Gearailt

    Alt suimiúil .

  • Uinsionn Mac Dubhghaill

    Píosa deas scríbhneoireachta, a Mhairéad.