Eolas i dtaighde nua faoi thionchar na paindéime ar dhaoine óga na hÉireann

Dá laghad ioncam an teaghlaigh is measa go mór tionchar an Covid-19 ar dhaoine óga 

Eolas i dtaighde nua faoi thionchar na paindéime ar dhaoine óga na hÉireann

Dá laghad ioncam an teaghlaigh is measa tionchar an Covid-19 ar dhaoine óga, de réir taighde nua. 

Inniu a d’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste na Tríonóide torthaí an tsuirbhé a rinne siad ar an tionchar a bhí ag an Covid-19 ar leanaí agus ar dhaoine fásta óga a bhíonn páirteach sa staidéar fadaimseartha ar leanaí ‘Growing Up in Ireland’. 

Rinneadh an suirbhé seo mí na Nollag 2020 agus srianta leibhéal 5 an dara maidhm den choróinvíreas á scaoileadh. 

Déagóirí óga 12 bliain d’aois, tuismitheoirí,  agus daoine óga 22 bliain d’aois a d’fhreagair na ceisteanna sa suirbhé ar líne.  D’fhreagair 3,901 tuismitheoir, 3,301 dalta 12 bliain agus 2,277 duine 22 bliain an suirbhé.

Ceistíodh iad faoi na hathruithe a bhí ar a gcuid oideachais, a gcuid oibre agus a saol laethúil de bharr na paindéime. Fiosraíodh freisin a ndearcadh faoin víreas agus foinsí a gcuid eolais agus cé acu a raibh cónaí orthu le duine a bhí i mbaol mór ón gcoróinvíreas.

Is léir ón suirbhé gur mó go mór a luíonn an Covid-19 ar dhaoine óga a chónaíonn i dteaghaigh atá ar ioncam íseal – ó thaobh teacht a bheith acu ar an idirlíon, áit chiúin a bheith acu le staidéar a dhéanamh agus a bheith ina gcónaí le daoine a bhfuil a sláinte i mbaol ón víreas.

Dúirt breis is leath de na daoine óga go raibh deacrachtaí acu leis an obair scoile is coláiste agus iad ag staidéar ó chian le linn na paindéime.

Dúirt 63% de thuismitheoirí na ndéagóirí óga gur bhain siad taitneamh as an am breise a chaith siad lena gclann agus rinne beagnach leath díobh imeachtaí breise leo. 

Óna dtuismitheoirí a fuair 80% de na leanaí sin a gcuid eolais faoin gcoróinvíreas. Bhí 72% de na daoine a bhí 22 bliain d’aois ina gcónaí lena dtuismitheoirí agus 20% acu sin is amhlaidh a d’fhill siad ar an mbaile de bharr na paindéime. 

Ní raibh teacht ach ag 19% de na daltaí bunscoile agus iarbhunscoile ar ranganna ar líne an t-am ar fad le linn na dianghlasála ach bhí an soláthar sin ag 74% de na daltaí tríú leibhéal.

Dúirt 91% de na mic léinn 22 bliain d’aois go raibh teacht acu i gcónaí ar ríomhaire le haghaidh na cianfhoghlama ach ní raibh sin ach ag 74% de na daltaí 12 bliain d’aoi

Tuismitheoirí ar ioncam íseal na ndaltaí 12 bliain d’aois, dúirt 60% acu go raibh an ceangal idirlín a bhí acu sásúil an chuid is mó den am ach bhí sé amhlaidh i gcás 80% de na tuismitheoirí ar ard-ioncam. 

Léiríodh sa suirbhé chomh maith gur chuir an phaindéim isteach go mór ar an aistriú ón mbunscoil go dtí an dara leibhéal – imní agus deacrachtaí le hobair scoile agus le hábhar ranga nach raibh déanta acu roimhe sin agus nach ndeachaigh múinteoirí siar air.

Bhí an tríú cuid de na daoine a bhí 22 bliain d’aois agus an ceathrú cuid de leanaí 12 bliain d’aois ina gcónaí le daoine a raibh a sláinte i mbaol mór ón Covid-19. Dúirt duine as cúigear de na déagóirí óga go raibh siad “in ísle brí” agus gur ith siad go leor “dramhbhia agus milseáin” le linn na paindéime.

Beagnach leath (48%) de na daoine óga 22 bliain d’aois bhí a leibhéal struis níos airde ná a bhí sé dhá bhliain ó shin nuair nach raibh strus mór ach ar 27% acu. Chaill beagnach leath (46%) den dream sa ghrúpa seo a bhíodh ag obair a bpost.

Dúirt an Dr Aisling Murray, duine de na húdair ón ESRI “go raibh an taighde seo tábhachtach mar gur amanna an-chinniúnach i saol an duine an dá aois sin, 12 agus 22, nuair a bhíonn athrú mór ar a saol – ag tosú ar an meánscoil nó ag cur tús le slí bheatha”.

Dúirt an Dr Roderic O’Gorman, TD, an tAire Leanaí, ag an seoladh go bhfuil sé tábhachtach a fhios a bheith againn an tionchar atá ag an Covid-19 ar an bpobal agus go bhfuil an staidéar seo tábhachtach “chun cuntas agus tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag an Covid-19 ar dhaoine óga anois agus sa todhchaí”.

Fág freagra ar 'Eolas i dtaighde nua faoi thionchar na paindéime ar dhaoine óga na hÉireann'