Eolaire Gaeilge seolta ag Comhairle Contae Chiarraí

Suíomh idirlín nua le hEolaire Gaeilge agus léarscáil idirghníomhach ar a bhfuil cuid de na hionaid i gCiarraí a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge

Screen Shot 2015-12-02 at 18.35.31

Seoladh ‘Eolaire Gaeilge Chiarraí’ in Áras an Chontae i dTrá Lí Dé Luain seo caite. Tá an tEolaire ar fáíl ar shuíomh idirlín nua do phobal na Gaeilge i gCiarraí.

Eolaire atá ann d’eagrais agus de ghnólachtaí ar fud Chontae Ciarraí, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht, a chuireann a gcuid seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ba í Oifig Ghaeilge agus Rannóg IT Chomhairle Contae Chiarraí a d’fhorbair an suíomh idirlín le tacaíocht ó Fhóram Gaeilge Chiarraí.

“Tugann an tEolaire pobail éagsúla na Gaolainne ‘s na Gaeltachta le chéile ar ardán amháin, ag cur lena bhfuil ar fáil i gCiarraí do chuairteoirí i gcóngar ‘s i gcéin” a dúirtJ ohn Brassill (FF) Cathaoirleach na Comhairle.

Tá sé rannóg ar an eolaire: An Ghaeilge; Cultúr agus Oidhreacht; Gnó agus Turasóireacht; Scoileanna agus Naíonraí; Féilte agus Siúlóidí; agus Seirbhísí Poiblí.

Tá léarscáil idirghníomhach ar an suíomh freisin a bhfuil cuid de na hionaid a chuireann seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge le feiceáil uirthi. Is féidir le gnólachtaí i gContae Chiarraí a chuireann seirbhísí ar fáil i nGaeilge nach bhfuil ar an eolaire fós clárú leis trí fhoirm atá ar fáil ar an suíomh a líonadh agus a chur isteach.

“Cuideoidh an tEolaire ar-líne seo go mór le próifíl na Gaolainne a ardú ar fud an chontae, ag liostáil na seirbhísí Gaolainne go i gCiarraí, mar aon le na Gaeltachtaí a chur chun cinn mar phríomh chinn scríbe do Thurasóireacht na Gaolainne” a dúirt Moira Murrell, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Eolaire Gaeilge seolta ag Comhairle Contae Chiarraí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Maith iad muintir Chiarraí! ‘Turasóireacht na Gaolainne’ – nach seo an sprioc a ba cheart d’achan réigiún Gaeltachta bheith acu?

    Diomaite do bheith ar shiúl ag caoineadh fan ‘Wild Atlantic Way’ déan rud inteacht fiúntach don teangaigh dúchais agus do bhuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

    Nár cheart do na ceantracha Gaeltachta uilig bheith ag mealladh iad siúd chun na Gaeltachta a bhfuil suim acu cleachtadh a dhéanamh ar a cuid Gaeilge agus í a fheabhsú?

    Nach í an Ghaeilge an t-acmhainn is mó agus is láidre atá sa Ghaeltacht?