Eolaí as Baile Átha Cliath i mbun taighde chun vacsaín in aghaidh SARS-Cov-2 a fhorbairt

Má bhíonn toradh dearfach ar thriail chliniciúil a bhfuil fear as Baile Átha Cliath i bhfeighil uirthi, táthar ag súil go mbeidh níos mó ná milliún dáileog de réidh faoi mhí Mheán Fómhair

Eolaí as Baile Átha Cliath i mbun taighde chun vacsaín in aghaidh SARS-Cov-2 a fhorbairt

Thosaigh triail chliniciúil d’fhorbairt vacsaín in aghaidh an víris chorónaigh,  SARS-Cov-2, an víreas is cúis leis an ngalar Covid-19,  an tseachtain seo caite in Institiúid Jenner in Ollscoil Oxford.

Is é Adrian Hill – arb as Baile Átha Cliath dó – stiúrthóir Institiúid Jenner. Chuir Hill tús lena chuid staidéir i gColáiste na Tríonóide agus bhog sé go Oxford chun an obair a chríochnú. 

Is é sprioc thaighde Institiúid Jenner ná vacsaíní éagsúla a fhorbairt in aghaidh na víreas, baictéar agus seadán is cúis le galair éagsúla cosúil le MERS agus an mhaláire.

D’fhorbair foireann in Institiúid Jenner vacsaín in aghaidh an víris EBOLA cúpla bliain ó shin. 

Tá grúpa ansin a bhfuil taithí faoi leith acu ar vacsaíní in aghaidh víris den ghrúpa corónach a fhorbairt agus an tOllamh Sarah Gilbert á stiúradh.  D’fhorbair grúpa s’aicise vacsaín in aghaidh an víris chorónaigh MERS deich mbliana ó shin.

Thosaigh grúpa Gilbert ag obair ar SARS2 chomh luath agus a tháinig an scéala amach faoi ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí siad ábalta tús a chur leis an obair ar vacsaín a fhorbairt chomh luath agus a bhí an cód géiniteach – nó seicheamh RNA an víris – foilsithe ag grúpa ón tSín i lár mhí Eanáir.

Aithníonn an córas imdhíonachta in ár gcoirp próitéiní a chlúdaíonn an víreas – an S-próitéin  i gcás SARS-Cov-2.

D’aithin na taighdeoirí an cód géiniteach don phróitéin-S sa seicheamh agus chuir siad isteach é i víreas eile, ceann nach gcuireann isteach ar shláinte an duine.

An tseachtain seo caite, thosaigh taighdeoirí ag tabhairt an víris athraithe seo – leis an bpróitéin-S ó SARS-Cov-2 – do dhaoine mar chuid den triail chliniciúil.

Tá níos mó ná 6,000 duine ag glacadh páirt sa triail agus dhá ghrúpa i gceist.  Gheobhaidh grúpa amháin an víreas leis an bpróitéin-S, agus gheobhaidh grúpa eile an víreas gan an phróitéin-S.

Beifear ag tomhas ansin an méad daoine a fhaigheann an galar Covid-19 sa dá ghrúpa. 

Má fheidhmíonn an vacsaín mar atá na taighdeoirí ag súil leis, ní bhuailfidh Covid-19 na daoine sa ghrúpa a fuair an víreas athraithe leis an phróitéin-S, ach tolgfaidh céatadán éigin de na daoine sa ghrúpa eile an galar.

Má bhíonn na torthaí dearfach, táthar ag súil go mbeidh níos mó ná milliún dáileog de réidh faoi mhí Mheán Fómhair.  Ansin beifear ag díriú ar an dóigh chun níos mó dáileog a tháirgeadh.

Níl aon bhealach amach againn as paindéim an Covid-19 go dtí go mbeidh vacsaín forbartha, táirgthe agus dáilte.

Tá Adrian Hill as Baile Átha Cliath ag déanamh a sheacht ndícheall ionas gur go luath a tharlóidh sin.

– Tá Liam Ó Dubhláin ina Ollamh Sherardian le luibheolaíocht in Ollscoil Oxford

Fág freagra ar 'Eolaí as Baile Átha Cliath i mbun taighde chun vacsaín in aghaidh SARS-Cov-2 a fhorbairt'